Inniu breithlá an triúir seo…
ach conas go díreach?

Tá Miss Piggy, Yoda agus Cookie Monster, mar aon le carachtair aitheanta eile ón scáileán beag agus mór, ag ceiliúradh inniu mar gur tháinig siad ar fad ar an saol cothrom an lae seo 72 bliain ó shin.

Cad é?

Ní féidir leis sin a bheith fíor, a deir sibh, nach bhfuil a fhios ag cách go bhfuil Yoda 900 bliain d’aois?!

Maith go leor, tá sé sin fíor ar bhealach ach is é inniu breithlá an phuipéadóra iontaigh taobh thiar de na réaltaí iomráiteacha sin uilig, Frank Oz.

Is mac le beirt phuipéadóirí, Frances agus Isidore Oznowicz a throid i gcoinne na Naitsithe san Ísiltír, é Oz a rugadh i Sasana in 1944 sular bhog an teaghlach go dtí na Stáit Aontaithe.

Agus saol na puipéadóireachta san fhuil aige, ba ann a chuir sé aithne ar Jim Henson – cruthaitheoir The Muppets – agus sa deireadh ba é Oz a thug beocht do leithéidí Miss Piggy, Fozzie Bear agus Animal, chomh maith le Grover, Cookie Monster agus Bert ar Sesame Street.

frank-oz-1

Ina dhiaidh sin d’oibrigh sé in éineacht le George Lucas ar Star Wars agus ba é a rinne guth clúiteach Yoda, chomh maith leis an phuipéadóireacht taobh thiar den charachtar críonna.

Ní hamháin sin a deirtear gurb é Oz a tháinig aníos le ceann de na gnéithe is suntasaí de phearsantacht Yoda, is é sin an chomhréir, nó struchtúr so-aitheanta a bhí ag gach frása a dúirt an saoi Jedi riamh.

Ar a bharr sin, is stiúrthóir cumasach é chomh maith a stiúir na scannáin Little Shop of Horrors, Dirty Rotten Scoundrels, What About Bob? agus Bowfinger, i measc saothar eile.

Breithlá sona duit mar sin Frank, agus go raibh maith agat as na cuimhní iontacha scannáin a thug tú dúinn thar na blianta!