‘Iris’ le Albert Maysles
ar an chéad rogha

Seo an iarracht dheireanach le Albert Maysles, duine de scannánóirí móra a linne a thuill clú agus cáil le Grey Gardens agus Gimme Shelter roimhe, agus a d’éag in aois a hocht mbliana agus ceithre scór i mí Mhárta na bliana seo.

Is í Iris Apfel ceann feadhna an scannáin fhaisnéise seo, fashionista agus dearthóir 92 bliain d’aois a chaith a saol i measc móruaisle faisin Nua Eabhrac.

Le himeacht roinnt blianta, seoladh scannáin fhaisnéise eile a thug léargas ar phearsana móra le rá agus ar dhomhan an fhaisin amhail The September Issue, Diana Vreeland agus Dior & I, ach is scéal daonna é an scannán seo is déanaí.

Stílí agus bean spreagúil is ea í Iris, a bhfuil paisean ar leith aici d’fhaisin, do dhathanna agus don saol go deimhin.

Trialach go smior, bhí sé mar bhunús ag Iris riamh anall go mbainfeadh sí sult agus spraoi as a cuid éadaí, as a cuid oibre agus a cuid ama ar an domhan seo.

Más ardú croí atá uait, roghnaigh Iris an tseachtain seo.