Maith agus olc – The Siege of Jadotville

“The Siege of Jadotville, le Jamie Dornan ann.” Nuair a chuala mé sin, thosaigh mé ag smaointiú ar leithéidí American SniperThe Siege of Benghazi – truflais Hollywood a chuirfeadh cuma shofaisticiúil ar Fair City féin.

Ansin fuair mé amach gur scannán faoi chathlán de chuid na Náisiún Aontaithe (NA) sa Chongó a bhí ann, cathlán Éireannach (thíos) a bhí faoi léigear ag saighdiúirí tuarastail (mercenaries) Francacha is Beilgeacha, a bhí faoi stiúir ollchomhlachtaí mianadóireachta.

An Congó, 1961 – seoid i lár na hAfraice agus cogadh cathartha faoi lán seoil ann.

Tá an tír báite, chan amháin i ngathanna gréine, ach i mianraí luachmhara fosta, agus tá tíortha ollchumhachtacha an Chogaidh Fhuair ag troid le seilbh a fháil orthu.

trupeile

Cosúil leis na scannáin laga a luaigh mé thuas, tá The Siege of Jadotville bunaithe ar fhíorscéal.

Mar sin féin, bhí dóchas agam nach dhá uair an chloig den leadrán a bhí romham.

Pat Quinlan (Jamie Dornan) atá mar cheannasaí ar an chathlán bheag Éireannach atá i mbun oibríochtaí i lár an Chongó.

Fir óga iad nach bhfuil an clúmh féin tagtha ar go leor acu go fóill.

Níl taithí trodaireachta ag duine ar bith acu, Quinlan san áireamh.

Is léir dóibh gan mhoill nach aistear aislingeach Afracach atá i ndán dóibh ach uafás iomlán na cogaíochta.

Níl mé ag iarraidh barraíocht eolais a sceitheadh, ach ní shílim gur mórán de mhillteoir é a rá go ndíríonn cuid mhaith den scannán ar an chath a thit amach i 1961 idir lucht na NA agus arm áitiúil ina raibh líon mór saighdiúirí tuarastail.

Agus is é sin céad laige an scannáin.

The Siege of Jadotville lán de sheanmhóitífeanna na scannán cogaidh agus éiríonn sé tuirsiúil go gasta.

Samhlaigh a bheith ag freastal ar cheoldráma, agus seachas réimse leathan amhrán de stíleanna difriúla a chluinstin, níl ann ach an t-aon amhrán amháin de chuid Nickleback arís is arís eile.

Tá an scannán seo cosúil leis sin: in áit Nickleback, tá radhairc throda an stiúrthóra Richie Smyth againn.

Is laige mhór é an oiread sin béime a bheith curtha ar an aicsean cogaíochta (agus é a bheith déanta go holc) agus tá an scannán iomlán thíos leis.

Ach cad é faoin chomhthéacs dhomhanda staire inar thit an léigear sin amach?

An dtugtar léiriú fíorspéisiúil dúinn?

An bhfaigheann muid blaiseadh beag de theannas marfach an ama?

Ar an drochuair, tá teipthe ar an fhiontar seo sa ghné sin chomh maith.

Déantar peataireacht ar an lucht féachana nó mínítear gach rud go soiléir dúinn i ndialóg bhunúsach as béal carachtar ar scigcharachtair iad i bhfírinne.

Bíodh sin uilig mar atá, ar a laghad tá scaifte óg Éireannach amuigh san Afraic a mbaineann scéal ar leith leo!

Nach ndéanfaidh sé sin an rud a shábháil?

Bíodh geall nach ndéanfaidh. Ní chuirtear aon aithne cheart orthu. In áit carachtair dhoimhne a léiriú, braitheann The Siege of Jadotville ar línte falsa faoin aifreann nó faoi uisce beatha lena nÉireannachas a chur in iúl.

Munar leor é sin ar fad, is é blas Dornan buille maraithe na muice. In amanna is as Corcaigh dó; in amanna is blas na hardchathrach atá aige.

Uaireanta eile is as Béal Feirste nó Meiriceá dó.

Ní thig liom m’intinn a dhéanamh suas cé acu is aisteoir maith é Dornan nó a mhalairt agus go bhfaigheann sé na páirteanna seo de bharr na scile atá aige na ‘one-liners’ a thabhairt uaidh, arís is arís eile.

Bhí díomá orm leis an rud ar fad.

Tá scéal an-suimiúil, an-tábhachtach le hinsint anseo: fíorscéal faoin Chongó, faoi ionchur soiniciúil na NA, faoi na hollchumhachtaí impiriúlacha, agus faoi ghasúir óga Éireannacha a fágadh ina n-aonar i lár cogadh cathartha faoi theas na hAfraice nuair a thréig údaráis na hÉireann agus na NA iad.

Úsáideadh an comhthéacs sin le scannán cogaidh a dhéanamh, ach ansin ní raibh an chuid sin den scannán a dhírigh ar an chogadh maith go leor. Is mór an trua é sin.

  • Fear N Fearn

    Óch! Sin diancháineadh, a Shomhairle.

    An bhfuil sé i ndáiríre chomh dona sin?