Première Mheiriceá ‘Arracht’ le bheith ag Féile Scannán Nashville

Beidh scannán Arracht, a ainmníodh do 11 gradam ag na IFTAs i mbliana, á thaispeáint den chéad uair i Meiriceá ag Féile Scannán Nashville i mí Dheireadh Fómhair. Lonnaithe i gConamara an Drochshaoil atá an scannán, ina n-insítear scéal fir as Ceantar na nOileán, Colmán, agus a iarracht teacht slán ó uafás an Ghorta Mhóir. 

D’éirigh go maith leis an scannán ag an bhféile scannán i mBaile Átha Cliath, agus chuaigh sé i bhfeidhm ar lucht critice ar fud na tíre agus níos faide i gcéin.

Beidh Féile Scannán Nashville ar siúl ar líne i mbliana mar gheall ar an víreas corónach, idir an 1-7 Deireadh Fómhair. Bunaíodh an fhéile sa mbliain 1969 agus tá sí ar cheann de na féilte scannán is sine sna Stáit Aontaithe. Fógrófar clár iomlán na féile ag tús na míosa seo chugainn, agus beidh an deis ag muintir na hÉireann breathnú ar Arracht agus scannáin eile ar an suíomh idirlín.