Ré nua den Fant4stic
Réamhbhlaisín de mhórscannán eile Marvel


Eisíodh blaisín den scannán nua Fantastic Four ar líne an tseachtain seo – an t-eagrán is déanaí sa tsraith iomráiteach scannán de chuid Marvel.

Feiceann muid Mr. Fantastic (Miles Teller) in éineacht lena ghrúpa de shárlaochra mar a théann siad i mbun troda le Dr. Doom, atá ag iarraidh an domhan a chur faoi chos.

Níl mórán d’athrú sa bhunscéal idir an t-eagrán is déanaí seo agus an chéad scannán sa tsraith a eisíodh deich mbliana ó shin ach amháin nach bhfuil an tallann ar scáileán chomh haitheanta céanna.

Bhí Jessica Alba, Chris Evans agus Michael Chiklis páirteach sa tsraith in 2005 agus 2007 (Fantastic Four: Rise of the Silver Surfer), ach don leagan is déanaí seo glacann Kate Mara, Michael B. Jordan, agus Jamie Bell leis na príomhróil.

In ainneoin sin is cosúil go bhfuil go leor muiníne ag na léiritheoirí mar go bhfuil scannán eile sa tsraith pleanáilte cheana féin do 2017.

Níl aon stop leis an inneall airgid atá i Marvel!


Eisítear Fantastic Four ar 7 Lúnasa.