Rí na nGrianghraf
Scéal Sebastião Salgado ar scáileán

The Salt of the Earth (12A)


Ar chuid de na híomhánna is mó cáil ón chéad seo caite tá an tsraith ghrianghraf a thóg Sebastião Salgado de na mílte oibrí i mionra óir sa bhliain 1986 ar shliabh Serra Pelada, ó dheas ó bhéal na hAmasóine sa Bhrasaíl.

Scannán faisnéise faoin fhear taobh thiar an lionsa atá in The Salt of the Earth a insíonn scéal an ghrianghrafadóra a chaith a shaol ag siúl na n-ilchríoch – tá pictiúir tógtha aige in os cionn 100 tír!

Is scéalaí sóisialta é Salgado, finne ar mhóreachtraí stairiúla na linne – cogaí, goirt agus tréigean ina measc – agus tá sé in ann léiriú i bhfoirm pictiúir a thabhairt dúinn ar an chine daonna dá réir.

An uair seo, tá mac leis, Juliano Ribeiro Salgado, taobh thiar den cheamara agus a athair ar thuras chun taifead a dhéanamh ar áilleacht an domhain.

Leis sin, tugann sé aghaidh ar na cúinní is iargúlta agus is áille dá bhfuil ann, turas ina bhfaightear léargas ar shaol agus ar shaothar laochra na Brasaíle.

Ainmníodh The Salt of the Earth sa rannóg gné-scannán faisnéise do ghradaim Oscar i mbliana.

Má tá dúil agat i scannáin fhaisnéise, seo ceann ar fiú a fheiceáil.