Scannán Éireannach príomhrogha an ds

You’re Ugly Too (12A)

Lena beirt tuismitheoirí ar shlí na fírinne, téann Stacey chun cónaí lena huncail i lár na hÉireann, curtha i láthair ag réalta Game of Thrones Aiden Gillen.

De réir mar a chuireann siad dís aithne ar a chéile, téann siad i ngleic lena gcailliúint agus le rudaí a tharla i bhfad siar.

Carachtair láidre a thiomnaíonn an scéal seo, a léiríonn toil an duine teacht i dtír ar dheacrachtaí an tsaoil, cumhacht an chairdis agus deá-ghiúmar na nGael.

Aidan Gillen, Lauren Kinsella agus Jesse Morris iad an príomhchliar sa chéad mhórscannán le fear Uíbh Fhailí Mark Noonan, scríbhneoir agus stiúrthóir lonnaithe san ardchathair.

Taispeánadh You’re Too Ugly níos luaithe i mbliana don chéad uair le linn Fhéile Scannáin Idirnáisiúnta Bheirlín, áit ar ainmníodh é sa chatagóir ‘An Chéad Ghnéscannán is Fearr’.

Gabh agus breathnaigh air.


The Legend Of Barney Thomson (15A)

An chéad scannán faoi stiúir an Albanaigh Robert Carlyle, a bhain cáil idirnáisiúnta amach le scannáin mhóra chultais de chuid na nóchaidí mar Trainspotting agus The Full Monty.

Fear ildánach atá mar cheann feadhna ar seit chomh maith agus é i bpríomhról ‘Barney Thomson’ an uair seo.

Tá saol leamh go leor ag Barney, gruagaire meánaosta as Glaschú a théann i mbun gnáthchúraimí an tsaoil gan mórán airde a tharraingt air féin.

Sin díreach sula maraíonn sé duine de thimpiste agus athraítear a shaol bun os cionn.

Téann sé i mbun comhairle lena mháthair, atá curtha i láthair ag an aisteoir buacach Emma Thompson.

Emma mar nach bhfuil feicthe agat roimhe agus í ina striapach atá seacht mbliana déag agus an trí scór.

Le sárthaispeántais ó Carlyle agus Thompson, seo scannán ar fiú a fheiceáil.


Eden (15A)

Scannán Francach a leanann éachtaí Paul Vallée (Félix de Givry), DJ a mhaireann i ndomhan an cheoil agus na gclubanna oíche.

Tá an príomhcharachtar bunaithe ar Sven Hansen-Løve, deartháir le stiúrthóir an scannáin Mia Hansen-Løve, ar dj é tráth dá raibh.

Mar a tharla sé, scríobh an bheirt an script le chéile agus iad ag tarraingt ar thaithí Sven.

Ar cheann de na spriocanna a bhí acu ag tosú amach bhí siad ag iarraidh cultúr na gclubanna a léiriú go hionraic, idir mhaith agus olc.

Bí ag súil le craic den dá chineál, ceol den scoth, cóisireacht agus cairdeas… táthar ar fad san áireamh.