Scannán a chuireann i gcoinne an aonteangachais chúng atá ag teacht chun cinn i gCeanada

Bhí sé beartaithe agam don earrach seo a d’imigh tharainn turas a thabhairt ar Paris mar a raibh an fhéile scannán Ethnografilm le reachtáil. Faraor, tháinig an phaindéim Covid-19 idir mé agus mo dhea-rún. Ba é léiriú an scannáin The Lost Children of the Carricks an ócáid ba mhó ag an bhféile ina raibh suim á cur agam, ach beidh aríst ann! Agus d’éirigh liom idir an dá linn an scannán céanna a shruthú ó Vimeo le linn laethanta leadráin na dianghlasála age baile dom féin.

Insíonn The Lost Children of the Carricks cuid de scéal an diaspóra Éireannaigh in Québec. Níor chóir d’aon duine a chuireann suim i scéal na nGael-Cheanadach é seo a chailliúint. Scannán is ea é dar liom a chuirfidh go mór leis an gcomhrá atá ag dul ar aghaidh go leanúnach i dtaobh ról na nÉireannach sa choilíniú Eorpach a deineadh ar Mheiriceá Thuaidh. 

Abair a ndéarfair i dtaobh Tony Blair, ach dob é Príomh-Aire úd na Breataine Móire an chéad té a ghlac freagracht thar ceann na Ríochta Aontaithe as ainnise an Drochshaoil in Éirinn. Lena ráiteas aisteach siúd ó mhí na Bealtaine 1997 a chuirtear tús le The Lost Children of the Carricks – ráiteas inar cosúil gurb é atá á thabhairt le fios ná gurbh aon náisiún amháin muintir “na Ríochta Aontaithe agus Éireann” ag an am. 

Mhaígh Blair gurbh é an “náisiún” seo ba láidre ba shaibhre ar domhan, agus dob é an feall dá bhrí sin é go gcaillfí “milliún” dá dhaonra mar chuid de thréimhse chinniúnach i stair an náisiúin chéanna. Agus gan dabht, ní “milliún” a cailleadh sa tréimhse sin, más fíor a ndeir cáipéisíocht stáit na Ríochta Aontaithe féin, ach cúig mhilliún ar fad.

Locht a fhaightear go comónta ar léann na staire ná gurbh iad na buaiteoirí a scríobhann de ghnáth é. Cur chuige a bhaineann le staraithe coinsiasacha an lae inniu mar sin ná guth a thabhairt athuair dóibh siúd a ciúnaíodh go córasach.

Is léir go mbaineann an tuiscint chéanna le cur chuige staireolaíochta Ghearóid Uí hAllmhuráin, stiúrthóir an scannáin seo. Ceann amháin dá bhuanna ná an iarracht shoiléir a deineadh ann ó thaobh grúpaí a fágadh amach as an dioscúrsa stairiúil traidisiúnta ar an Drochshaol a thabhairt chun tosaigh arís ann. 

Éachtaint ar eispéireas na mban, mar shampla, a thagann ón gcaint a chloistear ó Kate Blight agus ón Dr. Kate Bevan-Baker, comhghleacaithe le Gearóid i Scoil an Léinn Éireannaigh in Ollscoil Concordia, Montréal. Agus tá insint thábhachtach le fáil ó The Lost Children of the Carricks ar chúinsí na gcainteoirí Gaeilge sa tréimhse chomh maith.

An staraí clúiteach Gearóid Ó Tuathaigh a mhíníonn an méid seo a leanas as Gaeilge le fotheidil as Béarla: “na himircigh ag dul amach as Éirinn, trasna an Atlantaigh, anuas go dtí an Gorta Mór, bheadh sciar láidir díobh ina nGaeilgeoirí le Gaeilge amháin, gan Béarla, nó beagán Béarla, agus Gaeilge go príomha mar theanga acu”.

Ní don lucht léinn foirmeálta amháin a thugtar ardán sa scannán seo, buíochas le Dia. Tá seanchas Gaeltachta le fáil ó Phádraic Ó Cionnaith a thug uaidh an cuntas seo a leanas ar an mbunús le hainm an tsráidbhaile ‘Baile Mheiriceá’ nó ‘America’  i bparóiste an Rois i gConamara: “daoine a chuaigh go Meiriceá fadó agus bheadh sórt party beag acu ar an gcrosbhóthar sula n-imeoidís agus ansin go leor acu a d’imigh, níor fhill siad ariamh, mar aimsir an Ghorta nó roimh an nGorta, tar éis an Ghorta, bhí rudaí an-dona thart anseo, bhí ocras orthu agus níor theastaigh uathu riamh teacht ar ais”.

Is mó crosbhóthar a ainmníodh san Oileán Úr in ómós d’Odaisé na nÉireannach. ‘Chemin d’Irlande’ a thugtar mar fhianaise fhótagrafach dá leithéid a bheith in Québec ar an dtaobh thall den Aigéan.

Agus radharc an cheamara á dhíriú níos déanaí ar leaca cuimhneacháin Québecois a bhfuil scríbhinní greanta i nGaeilge orthu, tagraíonn caint an reacaire go tarcaisneach don aicme staraithe a dhéanann staidéar ar an tréimhse seo ach nach bhfuil tuiscint acu ar an nGaeilge. 

Is é a chuirtear ina leith seo chomh fada agus a bhaineann sé le Québec de ná talamh slán a bheith déanta acu nár lean aon duine de dhiaspóra na hÉireann den Ghaeilge a labhairt tar éis na chéad ghlúine in Québec dóibh.

Gan dabht, ní luaitear údar ar leith sa mhéid seo, ach saothar amháin a rith liomsa ag an bpointe seo de The Lost Children of the Carricks Le Vert et Le Bleu leis an staraí Québecois Simon Jolivet. Mar “Béarlóirí laistigh de chúige ina raibh an lámh in uachtar ag an bhFraincis” (2011: 11) a cuireadh síos ar na Gael-Cheanadaigh arís agus arís eile sa leabhar san. 

Mar iarracht ar an téis seo a bhréagnú, braithim, a tharraingítear anuas Jack Scanlon mar eiseamláir de chainteoir dúchais Gaeilge a rugadh fén dtuath Québecois. Ceithre bliana d’aois ar cheithre fichid a bhí an fidléir siúil seo nuair a cailleadh sa bhliain 1953 é. 

Ní mhínítear cad a thabharfadh le fios Jack a bheith ina chainteoir dúchais áfach, rud a chuir frustrachas ar an gcanúineolaí istigh ionam, ach tá Gearóid Ó hAllmhuráin le moladh as dúshlán a thabhairt don mórdhioscúrsa i gCeanada i dtaca le féiniúlacht teangan na nGael-Cheanadach.

Tá sé chomh maith againn a rá go mbaineann uisce faoi thalamh polaitiúil le cúrsaí teangan i gCeanada. Ní rabhas-sa ach cúpla lá isteach sa trí bliana a chaitheas i Montréal nuair a bhris amach scéal go raibh Béarlóir tar éis ionsaí marfach gunna a dhéanamh ar thionól poiblí de chuid ‘Le Parti Québecois’, páirtí polaitíochta a thuill cáil óna gcuid polasaithe ó thaobh an Fhraincis a chosaint sa chúige Ceanadach san. 

 “Les Anglos Se Réveillent” nó “Tá na Béarlóirí ag dúiseacht” a bhéic an gunnadóir agus na póilíní á thabhairt ar shiúl tar éis do beirt a lámhach. Gníomh frith-léirsithe foréigneach den chineál a bhfuil an iomad feicthe de againn le déanaí, faraor.

De bharr an leasa a bhaintear as an dúchas Éireannach i gCeanada chun treisiú leis an mórchultúr anglafóin, bíonn sórt leisce ann glacadh leis an bhfírinne go labhraíodh sinsir na nGael-Cheanadach aon ní eile seachas an Béarla. Tá tábhacht mhór sa chomhthéacs seo ar fad mar sin leis an tarna leath de The Lost Children of the Carricks, ina gcuirimid aithne ar an staraí Gael-Québecois agus cainteoir dúchais Fraincise, Georges Kavanagh – duine de leanaí díobhlásacha Charcair Mhic Conchairrge dá dtagraíonn teideal an scannáin. 

Tharlódh gur lean an criú scannánaíochta a oilithreacht siúd go Sligeach mar a gcloistear tuin shuaithinseach an Bhéarla Québecois uaidh agus aithne á cur aige ar dhúthaigh a mhuintire. Amhrán a capella na Nua-Fhraince á rá sa tábhairne istoíche ar an mbuaicphointe. Nóta daonna ag deireadh an scannáin mar sin agus íomhá ghlé den ilchultúrachas a shamhlaítear de ghnáth le Ceanada – murab ionann agus an t-aonteangachas cúng atá ag teacht chun cinn sa tír agus ar gá cur ina choinne, faoi mar a dhéanfaidh tograí idirdhisciplíneacha fearacht The Lost Children of the Carricks. Lá Cheanada sona daoibh!