Scéal dochreidte faoi bhean chróga láidir
Léirmheas ar 'Harriet'

De réir dealraimh, tá stiúideonna éagsúla in Los Angeles ag caint ar scannán a dhéanamh faoi Harriet Tubman le breis agus tríocha bliain. Tháinig siad gar dó cúpla uair, dar le scríbhneoir na scripte Gregory Allen Howard, ach nuair a mhol feidhmeannach éigin mór le rá gur cheart do Julia Roberts an phríomhpháirt a dhéanamh sna 1990idí, ba léir dó nach raibh Hollywood réidh dá leithéid de scannán ag an am. 

Mar sin, 25 bliain tar éis an chruinnithe sin, tá scéal Harriet Tubman ar an scáileán mór faoi dheireadh le Cynthia Ervo i bpáirt na mná eisceachtúla seo sa scannán Harriet

Caithfidh mé a rá nach raibh mórán eolais agam faoi shaol Tubman sula ndeachaigh mé ag breathnú ar an scannán seo, agus ó tháinig mé amach, níl alt ná aiste ann nach bhfuil léite agam fúithi.

Is scéal dochreidte atá ann faoi bhean a bhog os cionn 70 sclábhaí roimh thús an chogaidh a bhris amach idir an Aontas agus an Chónaidhm i Meiriceá sna 1860idí. Leanann an scannán Harriet Tubman agus í ag éalú ón bhfeirm a choinnigh i ngéibheann í agus an obair a rinne sí tar éis a saoirse féin a bhaint amach.

Scéal den scoth cheana féin, ach scéal a d’fhéadfadh bheith plúchta le gruaim ar nós scéal Solomon Northup sa scannán 12 Years A Slave, ach faoi stiúir Kasi Lemmons, tá sé níos cosúla le scannán aicsin a dhéanann ceiliúradh ar an obair a rinne Tubman agus ar a saol seachas na deacrachtaí a bhí aici. 

An chrógacht a bhí inti dul ar ais lena clann a shaoradh díreach tar éis a saoirse féin a bhaint amach, an chlisteacht a bhí inti teachtaireachtaí rúnda a shní isteach in amhráin sclábhaithe ionas nach mbeadh a fhios ag na máistrí cé na pleananna a bhí aici, an creideamh cumhachtach a bhí aici, agus an tionchar a bhí aici ar aon duine a chuaigh i dteagmháil léi. 

Mar sin féin, titeann an scannán síos in áiteanna nuair a dhéanann Lemmons iarracht na sean-tróip chéanna a bhaineann le chuile bheathscannán. Go háirithe sa gceol. Tá ceol faoi beagnach chuile radharc, agus b’ábhar frustrachais é domsa nuair nach raibh uaim ach ciúnas le go mbeinn in ann taitneamh a bhaint as obair iontach Cynthia Ervo. 

Bhí sé ar nós nach raibh an muinín ag Lemmons ligeann do radhairc seasamh leo féin gan ceol ‘spreagúil’ a chuir fúthu, agus sílim gur bhain sé go mór ó chúpla radharc ciúin deas idir Harriet agus carachtar Leslie Odom Jr., William Still. 

Chomh maith les sin, tá cúpla ábhar osnádúrtha sa scannán ag baint leis an gceangal a bhí ag Harriet Tubman le Dia. Tugann an scannán le fios dúinn go raibh cumhachtaí speisialta ag Tubman, ach sílim in áiteanna go raibh na cumhachtaí seo ag tógáil ó na héachtaí a bhain sí amach í féin. 

In ainneoin na rudaí seo, is fiú a lua go bhfuil Cynthia Ervo thar cionn i bpáirt Harriet. Déanann sí roghanna suimiúla agus cróga tríd an scannán ar fad agus bhreathnóinn uirthi ag aisteoireacht sa bpáirt seo ar feadh an lae.

Is scéal é scéal Harriet ar fiú a inseacht agus, cé go bhfuil sé áiféiseach gur thóg sé chomh fada seo an scéal a chur ar an scáileán mór, tá mé sásta gur déanadh anois é le Cynthia Ervo seachas in 1994 le Julia Roberts. Agus sílim go n-aontódh mórán chuile dhuine liom ansin.