Tá gach rud faoi ‘Knives Out’ foirfe

Tar éis mo léirmheas ar The Irishman, bhí mé ag machnamh ar na fadhbanna a bhí agam leis. Céard atá ar eolas agamsa i gcomparáid le Martin Scorsese? Cén chaoi a bhféadfadh mise aon rud diúltach a rá faoi shaothar an ealaíontóra iontaigh seo, an fear a rinne cuid de na scannáin is fearr a déanadh riamh? Ceann de na auteurs deireadh atá fós ag obair in Hollywood, agus mise i bpoll éigin in iarthar na hÉireann ag rá go bhfuil a scannán rófhada?

Seachas Tarantino agus Nolan, an bhfuil aon duine ag déanamh aon rud níos fearr ná níos cruthaithí ná Scorsese in Hollywood faoi láthair? Bhuel, tá. Rian Johnson. 

Knives Out, a shaothar is déanaí, thar cionn. Tháinig mé amach as Omniplex Bhóthar na Trá agus mé beagnach ag pramsáil síos an prom. Tá gach rud faoi foirfe. An stiúradh, an aisteoireacht agus, go háirithe, an scríbhneoireacht. Leanann an scannán muintir Thrombey tar éis cóisir Harlan Thrombey (Christopher Plummer), agus iad ag streachailt le féinmharú tragóideach a tharlaíonn oíche an na cóisire. Ach nuair a thagann an bleachtaire Benoit Blanc (Daniel Craig) ar cuairt, tosaíonn an teaghlach ag smaoineamh go bhfuil níos mó i gceist.

Agus an bhfuil níos mó i gceist? D’fhéadfá rá go bhfuil, a chlann. Ach nílim ag iarradh níos mó a rá faoin scéal anseo, mar dá laghad a bhíonn a fhios agat ag dul isteach is ea is mó taitnimh a bhainfidh tú as. Agus ní tú an t-aon duine a bheidh ag baint taitnimh as, mar is léir go bhfuil chuile dhuine beo den chliar iontach seo ag baint an oiread sásaimh as a bheith ag obair ar scannán mar seo. 

A leithéid de chliar. Christopher Plummer, Jamie Lee Curtis, Michael Shannon, Don Johnson, Toni Collette, Chris Evans agus Frank Oz, aisteoirí a bhfuil obair iontach déanta acu eatarthu, agus iad ar fad i bpáirt carachtar a bhfuil rúin ar leith acu (agus is léir go bhfuil Evans ag baint suilt ar leith as a bheith i bpáirt carachtair chomh difriúil le Captain America). 

Tá Daniel Craig, agus é i bpáirt Benoit Blanc, ina mheascán de Poirot agus Colombo, i gcónaí dhá chéim chun cinn ar gach duine eile, ach ag ligeann air féin go bhfuil sé céim taobh thiar. 

Dá mbeadh rogha agam idir breathnú ar scannán nua James Bond nó scannán nua Benoit Blanc amárach, bhreathnóinn ar an scannán Benoit Blanc faoi dhó. B’fhéidir nach bhfuil Blanc chomh galánta le Bond, ach tá sé i bhfad níos barúla, i bhfad níos cineálta agus i gculaith atá i bhfad níos feiliúnaí dó (i ndáiríre, féach ar aon scannán Bond le Craig ann, agus na cultacha atá air nuair nach bhfuil sé ag troid, féachann sé ar nós mála plúir atá ar tí a phléasctha.

Fuair Rian Johnson go leor cáineadh mar gheall ar The Last Jedi. Thaitin sé go mór liomsa, ach tá go leor de lucht leanúna Star Wars fós ag rá gur mhill sé an tsraith. Ach rud a rinne sé, nach féidir a shéandadh, ná rud ar cheart do chuile ealaíontóir a dhéanamh — é a dhéanamh ar a bhealach féin, ina stíl féin, lena mharc féin air.

Agus rud atá déanta ag anseo arís le Knives Out. Seo fear a bhfuil fís ar leith aige ó thaobh a scannán de, agus is cuma cén seánra é féin, fágfaidh sé a mharc féin air. Thar thréimhse na Nollag, téigí ag breathnú ar Knives Out. Tugaigí libh bhur gcairde agus bhur gclann. Mar bainfidh gach duine, idir óg agus aosta, taitneamh as Knives Out.