‘The Irishman’ an-fhada ach is fiú é

Is maith liom a bheith ag breathnú ar scannán nuair nach bhfuil a fhios agam tada faoi. Chuir sé go mór leis an taitneamh a bhain mé as The Quiet Place anuraidh agus má tá an scannán cineál lag, tá mé in ann a bheith ionraic gan faitíos a bheith orm bheith dul in aghaidh easa do dhaoine atá ag rá go bhfuil sé iontach — Black 47. 

Ní raibh fios agam mórán faoi The Irishman sula ndeachaigh mé ag breathnú air, cé is moite de go raibh Robert De Niro, Al Pacino, Joe Pesci agus Martin Scorsese ag déanamh scannáin le chéile arís. Agus ar bhealach amháin chabhraigh sé liom mar thaitin an scannán go mór liom, agus tharla rudaí nach raibh mé ag súil leo, ach ar an láimh eile ní raibh fios agam go raibh sé trí uair go leith ar fhad, agus níl mo ghlúine ceart ina dhiaidh fós. 

Leanann an scannán scéal an charachtair Frank ‘The Irishman’ Sheeran (De Niro) ó na 1940idí go dtí an bhliain 2000, agus na coireanna a rinne sé don Mafia agus do Russell Bufalino (Pesci).

Pléitear cairdeas Sheeran leis an gceannaire cáiliúil a bhí ar an International Brotherhood of Teamsters sna caogaidí agus na seascaidí, Jimmy Hoffa (Pacino) agus an bhrú a chuir an obair seo ar a chlann, go mór mór a iníon Peggy (Anna Paquin). Deirim go leanann sé seo scéal Sheeran, mar seo fíorscéal dar le Sheeran féin cé nach bhfuil fianaise do gach rud a deir sé. 

Breathnaigh, is scannán Scorsese atá ann, mar sin gheobhaidh tú an stíl cháiliúil atá aige ann. Radhairc fhada, ceol atá fite fuaite san am ina bhfuil an scéal lonnaithe agus eagarthóireacht sciobtha agus ghéar. Bhí fadhb ag an gcomhghleacaí a bhí liom le roinnt den eagarthóireacht ach, deir sé go raibh an stíl chéanna ag Scorsese sa scannán Wolf Of Wall Street. 

Tá an aisteoireacht ar fad an-mhaith. Tá Joe Pesci thar cionn, an aisteoireacht is fearr atá feicthe agam uaidh ó Goodfellas agus tá Al Pacino ag déanamh Al Pacino le canúint Chicago, rud atá taitneamhach ann féin. 

Níl sé foirfe áfach. Tá Anna Paquin i bpáirt Peggy agus tá sé aisteach, agus cineál náireach go háirithe sa lá atá inniu ann, nach bhfuil aici ach trí nó ceithre líne sa scannán ar fad, agus ag teacht amach as an scannán dom, ní raibh sé ag luí i gceart liom. 

Mar sin féin, tugann sí léiriú den scoth uaithi, agus d’fhéadfá rá gur dhúirt sí níos mó gan tada a rá ná leis an méid a dúirt sí. Ach sin in ainneoin an mhéid atá aici le déanamh, agus bhí mé ag iarraidh níos mó di a fheiceáil — cé go bhfuil an scannán sách fada mar atá. 

Beidh sé ag teacht amach ar Netflix an tseachtain seo chugainn, agus mholfainn breathnú air ansin, ar an gcaoi sin, beidh tú in ann é a roinnt ina dhá leath, thar dhá oíche. Is mór an t-achar é trí uair go leith le fanacht i do shuí agus go mór mór nuair atá an ceathracha cúig nóiméad deireadh cineál leamh. 

Anois, mar fhocal scoir: beidh James Dean i bpríomhpháirt i scannán nua, Finding Jack, cé go bhfuil sé marbh le os cionn seasca bliain. Beidh an scannán seo lonnaithe i gcogadh Vítneam, agus deir na stiúrthóirí agus na scríbhneoirí nach seift mhargaíochta é seo mar nár shamhlaigh siad aon aisteoir eile sa bpáirt. 

Tá go leor rudaí mícheart leis an ráiteas seo. Mar shampla, cén chaoi bhféadfadh James Dean a bheith mar an t-aon aisteoir a bhí ar intinn acu ag scríobh an scannáin seo faoi mhadraí i gcogadh Vítneam, eachtra a tharla fiche bliain théis a bháis? Bhí an bheirt seo ag iarradh James Dean a thabhairt ar ais óna mairbh, agus tá an teicneolaíocht sách láidir agus sách maith anois gur féidir leo é sin a dhéanamh. 

Bhí teicneolaíocht cosúil leis ar fáil ag Scorsese sa scannán seo a lig cead dó cuma fear ina chuid tríochaidí a chuir ar Robert De Niro atá ina chuid seachtóidí. Agus d’éirigh leo. Idir na héifeachtaí agus aisteoireacht De Niro, chreid mé é, den chuid is mó. Ach an rud maith é sin?

Nach mbeadh sé níos suimiúla De Niro a fheiceáil ag déanamh páirt Sheeran sna hochtóidí agus aisteoir eile á dhéanamh sna seascaidí? Cosúil leis an ról a rinne De Niro féin ina chéad scannán mór The Godfather Part II. Tá an teicneolaíocht thar cionn, ach tá faitíos orm go bhfuil sé ag tabhairt deis do stiúrthóirí a bheith níos leisciúla agus caithfear súil a choinneáil air sin sa todhchaí, agus nach mbeidh ainm an aisteora níos tábhachtaí ná an aisteoireacht féin. 

Nó b’fhéidir go bhfuil mé ag rámhaillí théis trí uair go leith a chaitheamh i seomra dorcha gan aon ghrian ná briseadh leithris.