Where Do We Go Now?
Baile na deacrachta sa Liobáin

I ndiaidh an scannáin ardmholta, Caramel, bhí brú nach beag ar an stiúrthóir/scríbhneoir/aisteoir cumasach Nadine Labaki chun cur chuige níos fearr arís a leagan os ár gcomhair.

Le Where do we go now? díríonn sí ar chúrsaí cogaidh, creidimh agus comhoibriú i mbaile beag sa Liobáin, áit ina bhfuil Moslamaigh agus Críostaithe ina gcónaí le chéile.

Bhíodh cúrsaí go dona agus tá timpealleacht an bhaile clúdaithe le buamaí talún.

Mar gheall ar achrann atá tosnaithe arís sa domhan mór, tá fir bharr na sráide ag réiteach go holc lena chéile, agus is cosúil go rachaidh an seicteachas i bhfeidhm ar an tsíocháin arís eile.

Ach le hiarrachtaí tuisceanacha éagsúla – bristear an raidió agus scriosadh an teilifís – coinníonn na mná suaimhneas (agus aineolas) de shaghas éigin sa cheantar, ach is deacair an feachtas é agus ní léir go n-éireoidh leo.

Baintear an-úsáid as an scéalaíocht le scannán flúirseach a chruthú.

Idir ceol, damhsa agus aisteoireacht den scoth, léirítear dúinn na deacrachtaí a bhíonn ag baile beag in am an ghá, agus an dóchas atá ann chun síocháin a mholadh agus cogadh a shéanadh.

Tá neart aoibhnis ann chomh maith, agus tugtar orainn breathnú orainn féin agus muid ag réiteach leis na comharsanaí, le linn séasúr an ghá nó fiú séasúr an ghrá.