Scéalta faoi Thalamh: Netflix an 12ú haois?

Agus seandálaithe i mbun tochailte ar thithe meánaoiseacha i gceantar an Choim i mBaile Átha Cliath thángthas ar sheoid ar leith. Scláta beag ón 12ú haois a bhfuil pictiúr álainn greanta air. Ar dtús bhíothas ag tuairimiú go mb’fhéidir gur fear ar chapall a bhí ann.

Ó shin i leith thug duine ó Scoil na Seandálaíochta Éireannaí le fios go mb’fhéidir go mbaineann an pictiúr le miotaseolaíocht na Lochlannach. Seans gur Týr an fear agus nach capall atá faoi ach Fenrir, mac tíre. Tá greim ag an bhfear ar chlaíomh ina lámh dheis agus tá a lámh chlé ar lár, is cosúil. I scéalaíocht na Lochlannach bhain Fenrir plaic as lámh dheis Týr. Is mó an dealramh atá ag an mbéist le cú mór ná mar atá le capall, leis. Fiacla géara atá ina bhéal aige pé ar bith.

Sa bhunscéal Lochlannach bhí eagla ar na Déithe roimh Fenrir groí. Theastaigh uathu é a cheangal le slabhraí agus dúirt leis nach raibh ann ach iarracht a láidreacht a thástáil, feiscint an bhféadfadh sé an slabhra a bhriseadh. Thuig Fenrir go raibh uisce faoi thalamh ar bun ach ghéill sé dóibh, ach go raibh ar dhuine de na Déithe a lámh a chur i mbéal Fenrir ar eagla gurbh fheillbheart a bhí beartaithe. Bhí an dia Týr chomh cróga sin gur thairg sé a lámh agus a fhios go maith aige go n-alpfaí í.

Tá dealramh leis an míniú sin ar phictiúr an scláta. Is eol dúinn go raibh baint dhlúth ag na Lochlannaigh le Baile Átha Cliath. Más fíor don mhíniú sin léiríonn sé dlúthcheangal idir na Lochlannaigh agus an chathair sa 12ú haois. Nach suimiúil gur cosúil gur thaistil scéal ó Chríoch Lochlann go Baile Átha Cliath agus anois 800 éigin bliain níos déanaí go bhfuil sé á fheiceáil againn arís?

B’fhéidir nach bhfuil an oiread sin de dhifear idir an dá aois. Nach minic muid ag breathnú ar an Scandi noir is déanaí ach gur ar Netflix agus ní ar scláta a fheictear é. Thabharfadh scéal seo Tyr scéal dúchais Nuada Airgeadlámh i gcuimhne do dhuine, rud a dhéanann an nasc níos spéisiúla fós. Rí a bhí i Nuada Airgeadlámh a chaill lámh ag Cath Maighe Tuireadh.

Is ag tógáil óstáin ar Shráid an Déin a bhí úinéirí an tsuímh seo. Cás ar leith atá ann mar is gnách nach n-aimsítear rian ar bith den chathair mheánaoiseach taobh amuigh de bhallaí na cathrach. Anuas ar an scláta aimsíodh déantúsáin eile, bonn airgid ón 13ú céad, cuid de scálaí le meá a dhéanamh chomh maith le tobar meánaoiseach a raibh céimeanna cloiche leagtha síos chuige. Ar bun ar fad aimsíodh tithe Lochlannacha. Tá lucht an óstáin ag rá go n-inseofar scéal na ndéantúsán seo san óstán amach anseo.

Toisc go bhfuil Baile Áth Cliath ann le míle bliain nó mar sin tá moll mór nithe inspéise faoi na daoine a d’imigh romhainn caite anuas ar a chéile. Tagtar ar sheoda ó thréimhsí éagsúla staire go minic. Aimsíodh poitigéir ar Shráid Chlann Bhreasail tamall de bhlianta siar. Bhí sé suas le 400 bliain d’aois agus bhí gabhdáin agus buidéil ann as gach cearn den domhan, ón Ísiltír, ón nGearmáin agus ón tSín fiú amháin.

Más spéis leat stair fholaithe na cathrach tabhair cuairt ar Dublinia áit a bhfuil go leor eolais faoin gcathair mar a bhí i rith na Meánaoiseanna. Tá súil agam go dtiocfar ar nithe spéisiúla eile amach anseo. I láthair na huaire tá obair ar bun taobh le hEaglais Naomh Audeon, láimh le hArdeaglais Chríost a bhí lonnaithe taobh istigh de sheanlimistéar na cathrach. Cá bhfios cé na scéalta atá faoi thalamh fós?