Seo chugainn Féile Raifteirí
IMLÉ, Séamus Barra agus níos mó!


Tá séasúr spleodrach na bhféilte faoi lán seoil, a chairde, agus nach muid atá sásta!

A fhad is a bheas an Dream Dearg ag ullmhú don agóid mhór i mBéal Feirste, beidh na Connachtaigh ag fáil faoi réir do dheireadh seachtaine mór ag Féile Raifteirí, ina ndéantar ceiliúradh ar an mhórfhile siúlach Antain Ó Raifteirí.

Is seoid bheag d’fhéile í atá mar aidhm aici beatha úr a thabhairt d’oidhreacht Raifteirí; an file; an t-amhránaí, an cumadóir, an ceoltóir.

Rugadh sa bhliain 1779 é agus chaith sé a shaol ag fánaíocht thart ar oirthear Chontae na Gaillimhe, ag seinm na fidle agus ag cumadh dánta agus amhrán.

Is iontach anois go bhfuil féile bhliantúil in ómós dó á reáchtáil i mBaile Átha an Rí, ceantar ar shiúil sé thiar san am.

Pléann dánta agus amhrán Raifteirí le cúrsaí grá, polaitíocht, greann agus le cibé smaoineamh faoin spéir a rith leis agus é i mbun siúil.

Thar an deireadh seachtaine, beidh deis ag daoine amhráin mhóra an fhile a thabhairt leo agus tuilleadh a fhoghlaim faoi sna ceardlanna amhránaíochta a bheas faoi stiúir Áine Ní Shíoradáin.

Díreofar ar bhuanna cumadóireachta an fhile, freisin, sna ceardlanna leis an sárchumadóir Rónán Ó Snodaigh (príomhamhránaí Kíla) agus sna ceardlanna gabaireachta (rapáil) leis an fhile aitheanta Séamus Barra Ó Súilleabháin.

Buaicphointe mór na féile í Ceolchoirm na hAoine, a tharraingeoidh IMLÉ, Séamus Barra, Sruth na Maoile, Áine Ní Shíoradáin, bean an chonsairtín Claire Keville agus ceoltóirí óga an cheantair ar aon ardán amháin.

Fear Kíla, Rossa Ó Snodaigh, a bheas mar fhear an tí ar an oíche.

Rossa abú! Raifteirí abú! Gaeil Átha an Rí abú!


Tuilleadh eolais – Cuardaigh Féile Raifteirí ar Facebook.