Seo do sheans deiridh!
Ticéid 'early bird' Ravelóid ag críochnú amárach


I gceist agat dul go Ravelóid an samhradh seo?

Bhuel níl fágtha agat ach lá amháin chun ticéidí mochóirí (early bird) a cheannach sula n-ardaíonn an praghas ar Lá Fhéile Pádraig.

Faoi láthair is €99 atá ar thicéad iomlán deireadh seachtaine, le campáil san áireamh, don fhéile úrnua cheoil agus chultúir a bheas ag tarlú ag Caisleán Ard Giolláin, taobh amuigh de Bhaile Brigín i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, 10-11 Meitheamh.

Tuigtear go bhfuil éileamh maith ar thicéidí go dtí seo le go leor daoine ag tapú na deise na ticéidí ísealchostais a fháil.

Ardóidh praghas na dticéad amárach áfach mar sin táthar ag moladh d’aon duine ar mhian leo freastal ar an fhéile, agus an margadh is fearr a fháil, a dticéad a cheannach inniu anseo.

Is é Ravelóid an chéad mhórfhéile deireadh seachtaine Ghaeilge i ré na bhféilte samhraidh agus tá neart cainte agus fuadair cothaithe aige i measc na nGael ó seoladh an príomhchlár roinnt míonna ó shin.

Ar na bannaí a bheas i mbun aicsin ar na hardáin éagsúla thar dhá lá tá The Riptide Movement, Delorentos, Seo Linn, Heathers, Hothouse Flowers agus Ham Sandwich, mar aon le liosta fada de ghrúpaí agus amhránaithe Gaeilge ó IMLÉ agus Rís go dtí Na Fíréin agus Mo Hat Mo Gheansaí.

Beidh sean-nós, filíocht agus imeachtaí teaghlaigh ar siúl thar an deireadh seachtaine freisin, chomh maith le réimse leathan bia agus deochanna ar fáil d’óg agus aosta.

Cosúil libh féin tá muidne ag NÓS ar bís faoi agus ár dticéidí cinntithe againn cheana féin!

Tapaigh an deis do thicéad mochóirí €99 a cheannach anois sula n-ardaíonn an praghas amárach, agus feicfidh muid ann sibh!


Tá ticéidí ar fáil anseo agus breis eolais faoin fhéile féin ar raveloid.ie