Slam Filíochta Liú Lúnasa buaite ag Sinéad Ní Thuamáin

Ba í Sinéad Ní Thuamáin a thug léi an chraobh ag an gcomórtas Slam Filíochta ag Féile Liú Lúnasa aréir. D’aithris Sinéad, atá ina múinteoir bunscoile, a dán nua ‘Comhrá Gan Mhaith’ ar fhíseán a craoladh ar YouTube agus Facebook aréir mar chuid den fhéile.

Ba ar líne a reáchtáladh imeachtaí uile na féile Liú Lúnasa mar gheall ar na srianta atá i bhfeidhm le cosc a chur ar scaipeadh an víris chorónaigh. Rinne na hiarrthóirí uilig taifead ar a ndán, agus ba í Sinéad Ní Uallacháin an tí seo a chur i láthair an phobail iad ag seó ar líne a reáchtáladh aréir.

Dán dátheangach faoin saol comhaimseartha, go háirithe an saol a chaitear ar líne, atá sa dán ‘Comhrá Gan Mhaith’, a bhuaigh an chéad duais ag an gcomórtas. Bronnadh an dara duais ar Sam Ó Fearraigh, agus an tríú duais ar Chiara Ní É.

“Tá rud inteacht speisialta cruthaithe againn le Slam Filíochta Liú Lúnasa thar na blianta agus tá mé iontach bródúil go raibh muid in ann an comórtas a reáchtáil i mbliana in ainneoin na paindéime.

“B’iontach an rud é an oiread iomaitheoirí ó fud fad na tíre a bheith páirteach agus tréaslaím go mór le achan duine acu as oíche spleodrach agus spreagúil a chruthú dúinn mar chuid d’fhéile na bliana seo,” a dúirt Caoimhe Ní Chathail, eagraí Fhéile Liú Lúnasa le NÓS.

£400 a bhuaigh Sinéad dá saothar, bronnadh £200 ar Sam Ó Fearraigh, agus bhuaigh Ciara Ní £100.