Smugairle Róin le bheith ag Féile na Gealaí
agus leath na dticéad díolta cheana

Tá leath na dticéad campála díolta d’Fhéile na Gealaí cheana féin agus gan ach trí lá fágtha le leas a bhaint as an “lascaine do mhochóirí”. Tá €50 ar thicéad campála go dtí Lá Fhéile Pádraig agus ardófar an praghas ar an 18 Márta.

Thug urlabhraí Fhéile na Gealaí le fios do NÓS tráthnóna go mbeidh an banna rac-cheoil ‘Smugairle Róin’ as Ráth Chairn, agus a bhfuil gradaim buaite acu dá gcuid ceoil, ag casadh ag an bhféile i mbliana. Fógraíodh an tseachtain seo caite go mbeidh ‘Las’ ar an ardán i Ráth Chairn mí an Mheithimh freisin chomh maith leis na ceoltóirí agus bannaí eile ceoil a fógraíodh níos túisce i mbliana.

Beidh an grúpa filíochta REIC ag an bhféile arís i mbliana agus beidh trí stáisiún raidió, Raidió na Life ó Bhaile Átha Cliath, Raidió Fáilte ó Bhéal Feirste, agus Raidió na Gaeltachta ag craoladh beo ón láthair. Beidh Pod don Eolach, podchraoladh NÓS á thaifeadadh beo ag Féile na Gealaí freisin.

“D’fhógair muid ceoltóirí agus imeachtaí difriúla le cúpla seachtain anuas, agus muid ag dúil le níos rudaí a fhógairt amach anseo. Tá forbairtí móra á ndéanamh ar láthair na féile, agus beidh stáitse mór ann agus pubaill, beidh cuma níos fearr ar an áit ná mar a bhí anuraidh agus arú anuraidh.

“Beidh dhá sheastán bia ann, Blasta ó Mhuineachán agus beidh Joe’s ann arís, comhlacht a bhí linn anuraidh a dhéanann na burgair is fearr ar domhan, agus ar ndóigh beidh caifé Ráth Chairn ann fosta. Beidh ‘Boogie Bus’ againn, bus mór a bhíonn ag díol deochanna teo agus ag casadh ceoil, ar feadh an deiridh seachtaine,” a dúirt Hannah Rua Ní Bhaoill, duine d’eagraithe na Féile.

Beidh bannaí ceoil ag teacht ó Albain agus iarrachtaí ar bun ag Féile na Gealaí caidreamh idir-Ghaelach a shocrú agus muintir na hAlban a mhealladh go Gaeltacht na Mí. Beidh lascaine ar fáil i ndiaidh Lá Fhéile Pádraig d’Albanaigh atá ag iarraidh teacht go Féile na Gealaí.

Ar na ceoltóirí eile a bheidh i Ráth Chairn idir 15-17 Meitheamh, beidh Niteworks, Polca 4, Scannal, KNEECAP, JJ Ó Dochartaigh, Emma Ní Fhíoruisce, Abhainn Bheara, Dó Fá Dó, agus an Chrann Óg. Tá níos mó ceoltóirí le fógairt sna seachtainí amach romhainn.

Tá busanna eagraithe ó Bhaile Átha Cliath agus ó Bhéal Feirste le freastal ar an bhféile agus beidh tuilleadh sonraí fúthu sin ar fáil go luath. Tá costas €50 ar thicéad campála go dtí Lá Fhéile Pádraig, beidh costas €65 ar thicéad go dtí Lá Bealtaine agus beidh costas €80 ar thicéad ina dhiaidh sin. Beidh ticéid lae ar díol freisin.