‘Sráideanna Naofa Átha Cliath’
An tÉirí Amach ag Scoil Gheimhridh Chumann Merriman

San ardchathair a chaitheas an deireadh seachtaine seo a d’imigh tharainn, agus ní traid ná caid a mheall ann mé an iarracht seo, ach Scoil Merriman a reachtáladh don chéad uair i mBaile Átha Cliath, gan trácht ar é gan a bheith in óstán don chéad uair.

Mar gheall ar an Éirí Amach, dar ndó, a roghnaíodh an t-ionad ach mhínigh Liam Ó Dochartaigh tábhacht bhreise Choláiste Pádraig mar shuíomh: bhí a athair féin tráth mar mhac léinn san institiúid oideachais chéanna.

Thar a cheann sin, ba é an Monsignor Pádraig de Brún a chum an dán dar tógadh an líne “Sráideanna Naofa Bhaile Átha Cliath” lenar baisteadh an éigse, agus fuair sé sin a chuid oideachais i gColáiste Choise Life, i ngiorracht cúpla slat de Choláiste Pádraig féin.

Roinn an Dr. Síle Denvir linn an leagan gleoite den dán a chóirigh sí féin chun canta.

Ba í Críona Ní Dhálaigh, Ard-Mhéara Átha Cliath, a d’oscail an éigse go hoifigiúil i nGaeilge bhinn bhlasta na cathrach a ndéantar dearmad, a dúirt sí, ar a dhaingne agus a théann fréamha na Gaeilge go smior inti.

Más ea, is gearr go raibh an tOllamh Máirín Nic Eoin ag liostáil na ngearán comhaimseartha a tháinig ó Liam ó Briain agus Piaras Ó Béaslaí, mar shampla, maidir le patuaire an phobail i leith na Gaeilge sa tréimhse chorrach úd inar “thit laochas anuas ar dhaoine”, i bhfriotal Thomáis Uí Bharóid féin.

Bhí roinnt gníomhaithe ar láthair na gCeithre Cúirteanna, más fíor, agus gan aon dearcadh ní ab fhónta acu i leith na teanga.

B’ait liom an scartadh gáirí a tháinig ón lucht féachana agus Nic Eoin ag cur síos ar an bhfímíneacht thar a bheith tromchúiseach sin.

Is beag fianaise, a dúirt an Dr. Regina Ní Chollatáin, go raibh an Ghaeilge ina teanga bheo i measc eagarthóirí an Éirí Amach amach.

B’fhéidir nach aon ionadh é sin don chuid is mó de dhaoine, seachas don té a bheadh ag éisteacht le hIníon Ní Chollatáin a chuir ar ár súile cén bhaint a bhí ag lucht an chonartha le pleanáil an Éirí Amach; seisear de shínitheoirí an fhorógra, conraitheoirí ab ea iad.

gpo-bac-1916

Glacadh fos sealadach na hoíche tar éis Chlub na Féile i gcomhluadar cuanna Máire Ní Choilm a bhí mar bhean an tí, agus Dr. Lillis Ó Laoire mar chrann taca aici.

Ní mór moladh a thabhairt don leagan álainn de ‘Róisín Dubh’, iomann dílis an Éirí Amach, a chualamar ón Dr. Pádraig Ó Cearbhaill, gan aon fhaillí a dhéanamh ar na poirt eadarlúide ó Dhoireann Ní Ghlacáin agus a cairde a sheinn go diabhal ó chúinne an bheáir amach.

Dhein Cathal Poirtéir gnó fhear an tí arís istoíche Shathairn.

Thrácht Róisín Ní Ghairbhí maidin Dé Sathairn ar éagsúlacht phearsana na réabhlóide ó thaobh teanga, creidimh, agus inscne, cúinsí ar a gcaithfí togra tábhachtach taighde a bhunú i dtaobh nua-chainteoirí Gaeilge sa tréimhse, a dúirt sí.

Le macalla eile as an oíche roimh ré, mheabhraigh sí go raibh ag méadú ar infheictheacht Shinn Féin ag Oireachtas na Gaeilge de réir mar a bhíothas ag druidim leis an Éirí Amach, rud a tháinig salach ar chéadfachtaí roinnt daoine.

Ba mhinic Eoin Mac Néill agus Pádraig Mac an Phiarais ag maslú céadfachtaí a chéile leis, de réir fianaise ó Mary Harris a thug léargas fíorshuimiúil ar an gcaidreamh idir an bheirt.

D’fhéadfaí féachaint ar an tuiscint a fuaireamar ar aistear Mhic Néill mar a bheadh cás-staidéar luachmhar ar na cúinsí a mheall Éireannaigh óga éirimúla chun gnímh fhoréignigh.

Mheabhraigh Michael Cronin go mb’fhéidir go ndearmadtar gur feiniméan Eorpach ab ea an tÉirí Amach, agus plé á dhéanamh aige ar roinnt de na cúiseanna a bhain leis seo.

Le mórán athfhriotal sa bhunteanga ó nuachtán na Fraince, na Gearmáine, na hOstaire, agus na Rúise, bhí an t-ilteangeolaí seo chomh dílis d’fhuaimniú fhocail na dteangacha iasachta agus a bhí d’ainmneacha Gaelaithe na bpearsan sa tréimhse chéanna, go háirithe leis an bhfear úd nach gnách a ainm Gaelaithe, .i., Ruairí Mac Easmainn.

Thug Cronin le fios gur mó de cháil a bhí air siúd ná mar a bhí ar an bPiarsach, ó thaobh na mór-roinne de ach go háirithe.


sile-denvir

An Dr. Síle Devir a bhí páirteach sa Scoil Gheimhridh i gColáiste Pádraig, BÁC, ag an deireadh seachtaine.


Cuireadh tae, caifé, agus cístí beaga deasa ar fáil agus an Titlíoch i mbun ‘Litríocht na Gaeilge ar fud an Domhain’ a sheoladh.

Leanadh den téama idirnáisiúnta, agus murab ionann agus tuairim Cronin, d’aithin Alan Titley, le cruinneas agus le deisbhéalacht, go raibh grá as cuimse ag muintir na hÉireann do shibhialtacht na Fraince, agus gur neamhchuí an polasaí sin do Ghaelaibh, toisc an impireacht Fhrancach a bheith chomh “lofa” leis an réimeas go rabhamarna thíos leis.

Ach ní i gcónaí a bhíomar fé chois, arsa é sin, agus aithníodh ag an bpointe sin gurb í litríocht na Gaeilge an litríocht is ársa san Eoraip – fág as an Ghréigis – gur litríocht dhomhanda a chothaíomar riamh, gur theanga dhomhanda í an Ghaeilge dá barr, agus nach aon ionadh sloinnte mar Hijmans a fheiscint i measc na n-údar ar Tuairisc.ie sa lá atá inniubh ann, ag déanamh macalla ar chéad chaint na comhdhála ó Mháirín Nic Eoin a thairrig aird ar alt ó Hijmans é féin ar script do dhráma a shamhlaigh cén crut deimigréafach a bheadh ar Éirinn in 2015, agus Arabach óg ag Gaeilgeoireacht mar chuid lárnach de.

Imíodh ar thuras bus ar timpeall shráideanna Naofa Bhaile Átha Cliath ina dhiaidh sin; bhí oiread tóra ar an turas sin nach raibh de sheans agam féin ticéad a fháil dó, agus d’fhágadar ina ndiaidh mé. Chuala go raibh sé go maith, áfach.

Ach i gcomhthéacs éigse ar Éirí Amach na Cásca, i mBaile Átha Cliath, trí mheán na Gaeilge, b’ait leat mura dtabharfadh éinne aghaidh ar an bPiarsach a phlé.

Thuar Síle Denvir níos déanaí sa ló go mbeadh ár mbealaí suaithinseacha féin againn go léir le meá a dhéanamh ar fheiniméan an Phiairsigh, agus go deimhin, ní beag ná suarach an lón machnaimh a chuir sí go healaíonta fénár mbráid lena cóiriú féin de cheol agus agus d’amhráin óna chuid drámaí, a d’fhág tocht ar Liam Ó Dochartaigh.

Bhí siamsaíocht na maidne dar gcionn chomh draíochtúil céanna, le sleachta as saothar Pheadair Uí Annracháin á léamh amach go cumasach ag Doireann Ní Bhriain i dteannta fhilíocht an Phiarsaigh ó Dharach Mac an Iomaire, agus tionlacan mín ceoil ó Mháire Bhreathanach.

Leis sin, bhí deireadh leis an scoil, ach cá bhfios ach gur ar shráideanna naofa na Róimhe a bheifear fé cheann cúpla mí eile, agus Aodh Mór Ó Néill á cheiliúradh go tráth againn.