SUNS: Féile Ealaíon Mhionteangacha na hEorpa

Beidh lucht labhartha mhionteangacha na hEorpa as gach cearn den mhór-roinn ag díriú ar Udine na hIodáile ag deireadh mhí na Samhna faoi choinne SUNS Europe 2016.

Is féile í SUNS a dhéanann ceiliúradh ar na taibhealaíona i dteangacha mionlaigh agus mionlaithe san Eoraip agus a bhronann gradaim ar phlúr an cheoil, na filíochta agus na pictiúrlainne sna teangacha sin.

Bunaíodh an fhéile sa bhliain 2009 agus tar éis bheith sa tSairdín anuraidh tá sé ag filleadh ar an áit inar tosaíodh í, Udine, príomhchathair stairiúil an cheantair ilteangaigh Friuli in oirthuaisceart stát na hIodáile.

“Tugann an fhéile deis d’ealaíontóirí, do theangacha agus do phobail theacht le chéile, eispéiris a mhalartú, taithí a roinnt agus iad féin a chur in iúl ó dhearcadh ar leith,” arsa Leo Virgili, ceoltóir agus stiúrthóir SUNS.

suns-europe

“Fuaimeanna, físeanna, focail, smaointe, bealaí saoil agus féiniúlachtaí atá ag seasamh an fhóid go fuinniúil agus go cruthaitheach – tagann siad sin ar fad le chéile ag SUNS.

“Bhí neart daoine i dteagmháil leis an fhéile cheana féin ón tSairdín, ón Fhionnlainn, as Éirinn, as an Rúis, as an Ghailís agus as an Bhreatain Bheag.

“Anois gur féidir cur isteach ar an chomórtas ar líne beidh muid ag súil le tuilleadh iontrálacha idir seo agus an spriocdháta.”

Tá go dtí 1 Deireadh Fómhair ag daoine cur isteach ar chomórtais na bliana seo agus tá gach eolas iontrála le fáil ar sunseurope.com

tuath-suns

Anuraidh ba é an banna ailtéarnach Gaeilge Tuath (thuas) a rinne ionadaíocht ar son na hÉireann ag SUNS agus molann siad go mór do dhaoine bheith páirteach ann.

“Bhí an-am ar fad againn,” arsa Rob Ó Maoil Chiaráin ón ghrúpa.

“Buail muid le daoine iontach spéisiúil ó chultúir dhifriúla as gach áit san Eorap agus tá muid cairdiúil agus i dteagmháil le cuid acu go fóill.

“Tá muid mór leis an bhanna Ozas as an Iorua mar shampla. Is beirt bhan iad a cheolann as Sáimis agus atá ina ngníomhaithe ar son a gcultúir ársa féin.”

Beidh SUNS Europe na bliana seo ar siúl in Udine idir 29 Samhain agus 3 Nollaig.

Tá an fhéile ar Facebook anseo.