Swell Festival agus imeachtaí eile

Swell Festival, Oileán Árainn Mhór, Aoine 27 – Domhnach 29 Iúil ’18 (Stáitse na nGael, Dé Domhnaigh 29 Iúil)

Féile cheoil agus ealaíon é Swell, a eagraítear ar Árainn Mhóir, amach ó chósta Dhún na nGall. Mairfidh sé ar feadh trí lá agus cuirfear tús leis inniu! 

Seo an cúigiú bliain don fhéile a bheith ar bun, agus seo an tríú bliain do Stáitse na nGael a bheith mar chuid lárnach de na himeachtaí. Is faoin gcraoltóir agus ceoltóir Dónall Mac Ruairí, ó RTÉ Raidió na Gaeltachta, a bheidh sé aíonna an ardáin seo a chur i láthair, agus tá plúr na n-aíonna le bheith acu! Liosta le háireamh ar a bhfuil Scannal, KNEECAP, Moya Brennan, Ye Vagabonds, Clann Mhic Ruairí, Emma Ní Fhíoruisce, JJ Ó Dochartaigh agus Inni-K, chomh maith le Anne Martin as Eilean Sgitheanach, a bheidh in éineacht le ceoltóirí an cheantair, Eoghan Mac Giolla Bhríde, Niall Haicéad agus Micheál Danny Minnie Ó Domhnaill. Sin díreach blaiseadh don stáitse áirithe sin! 

Beidh cad é ócáidí spéisiúla eile ar siúl le linn an deireadh seachtaine. Caith súil ar swellfestival.com do na mion sonraí ar fad!

 

Cúrsa Saoirseachta Cloch, Seanachoill, Baile na nGall, Co. Chiarraí; Dé Sathairn 28 Iúil @ 10.00

Beidh cúrsa ana-shuimiúil ar bun i gCorca Dhuibhne Dé Sathairn, a mheallfaidh go leor — go deimhin, ba bhreá liom féin freastal air. Cúrsa saoirseachta cloch atá i gceist, ealaín chruthaitheach, phraiticiúil faoi leith, le Breandán Pháid Ó Muircheartaigh. Beidh cur síos á dhéanamh aige ar chlathacha cloch agus conas iad a thógaint, bíodh gur claí beag tirim sa gharraí atá sa cheann agat, nó falla níos mó, beidh Breandán ag roinnt a chuid saineolais ar an ábhar. Moltar bróga oiriúnacha láidre a chaitheamh, ach seachas sin, ná bí buartha faoin mbunábhar, agus beidh clocha agus casúir ar an láthair. Bhí Breandán faoi agallamh ag Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas faoin gcúrsa, i rith na seachtaine, agus is féidir éisteacht lena chuid cainte ach ghliogáil ar an nasc seo! 

Bí cinnte glaoch a chur air le cinntiú go mbeidh spás ann duit ar an Sathairn, 087 6602307 a uimhir.

Coirm Fhéile na Laoch, Áras Éamonn Mac Suibhne, Cúil Aodha, Dé Sathairn 28 Iúil @ 20.00 (ar RTÉ Raidió na Gaeltachta óna 20:00)

Tá coirm ana-shuimiúil ar fad ar siúl Dé Sathairn, mar chuid d’imeachtaí Fhéile na Laoch, i gCúil Aodha. Tiocfaidh roinnt d’iarbhuaiteoirí Chorn Uí Riada, mar aon le cuid d’iarbhuaiteoirí Bhonn Óir Seán Ó Riada le chéile, do cheolchoirm a craolfar beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Ócáid eisceachtúil agus mé ag súil go mór le cluas éisteachta a thabhairt do. Is gach seacht mbliana a eagraítear an fhéile seo i gcuimhne ar an gcumadóir Seán Ó Riada, agus maireann sé ar feadh tréimhse sé mhí, le himeachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta ar an gclár.

Féile Ghort an Choirce, Gort a’Choirce, Aoine 27 – Domhnach 29 Iúil ’18

Siúlóidí, ceol, rince, péinteáil aghaidhe, Aifreann agus taispeántais cheardaíochta! Tá éagsúlacht bhreá ó thaobh na n-imeachtaí de ag titim amach i nGort an Choirce an deireadh seachtaine seo, áit a mbeidh Féile Bhliantúil na háite ar siúl. I measc na mbuaicphointí, dar liom féin, tá coirm Chlann Mhic Ruairí ar an Aoine — beidh siad gnóthach an deireadh seachtaine seo! — ceardlann jivála agus comórtas bácála agus glasraí i dTeach an Cheoil!