Thar toinn cheoil go Swell!
Ardán Gaeilge ag féile Árainn Mhór

Agus na Gaeil i lár an aonaigh ag Féile Soma atá ar siúl i gContae an Dúin faoi láthair, tá na hullmhúcháin faoi sheol d’fhéile spleodrach eile ina mbeidh an Ghaeilge lárnach ar an tseachtain seo chugainn.

Don cheathrú bliain as a chéile tiocfaidh lucht leanúna an cheoil le chéile ar Árainn Mhór, oileán galánta Gaeltachta amach ó chósta Dhún na nGall, le haghaidh Swell, agus beidh ionadaíocht mhaith ann ó bhannaí Gaeilge arís i mbliana.

Mar chuid de chlár a chuirfidh leithéidí Mundy, Orchid Collective agus The Emerald Armada ar ardán, beidh stáitse ar leith don Ghaelcheol ann agus roinnt ainmneacha móra tarraingthe isteach, Máire Ní Bhraonáin as Clannad, IMLÉ agus Spats Colombo ina measc.

Is é an saineolaí ceoil, Dónall Mac Ruairí ó RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ball den ghrúpa Clann Mhic Ruairí, a bheas mar fhear an tí agus cuirfidh sé fáilte roimh cheoltóirí eile ar nós Árchú, Diane Ní Chanainn, JJ Ó Dochartaigh agus Lauren Ní Chasaide.

Muna leor sin, beidh idir fhilí agus cheoltóirí den scoth as Albain i measc na cuideachta, is iad sin Kathleen MacInnes, Sineag MacIntyre agus Pàdraig Mac Aoidh.

Is iontach an dul chun cinn atá á dheanamh ag pobal na Gaeilge maidir le láithreacht ag féilte samhraidh i mbliana agus molann muid d’aon Nósadóir atá saor 21-23 Iúil an bóthar a bhualadh go hÁrainn Mhór agus léim isteach sa chraic!


Tá ticéid go fóill ar fáil do Swell. Téigh go swellfestival.com le haghaidh tuilleadh eolais.

  • Sean Feeny

    Go raibh mile maith agaibh!! Bigí Linn #taseswell #Swell17