Ticéid d’Fhéile na Gealaí le buachan!

Beidh NÓS i lár an aonaigh ag an bhféile Ghaelach is mó fás in Éirinn – Féile na Gealaí i nGaeltacht Ráth Chairn – an mhí seo chugainn agus ba mhaith linn beirt Nósadóirí a thabhairt linn go machairí méithe na Mí. Tá plúr na gceoltóirí Gaelacha le bheith i láthair i mbliana, an tríú bliain a bheidh an fhéile ar an bhfód, agus beidh beirt dár gcuid léitheoirí ann ina dteannta.

Tá péire amháin ticéad le buachan agus tá cúpla bealach ann le cur isteach ar an gcomórtas. Má tá tú ar na meáin shóisialta, níl le déanamh agat ach athghiolc a dhéanamh ar an ngiolc ina luaitear an t-alt seo ar Twitter, ordóg a thabhairt don alt ar Facebook, nó croí a thabhairt don phictiúr d’Fhéile na Gealaí ar Instagram NÓS.

Mura bhfuil cuntas agat ar na meáin shóisialta ná bíodh imní ort, ní chuirfear as an áireamh thú! Seol ríomhphost leis an gceannteideal ‘Féile na Gealaí’ go eolas@nos.ie le bheith san iomaíocht.