Céad slán leis an Aontas Eorpach

Is lá aisteach é seo dúinne in oifig NÓS. Is iris Éireannach muid, atá lonnaithe go hoifigiúil sa Ríocht ‘Aontaithe’ agus a fhreastalaíonn ar Éireannaigh atá ina gcónaí sa 26 Contae den chuid is mó. 

Tá 60% dár léitheoirí lonnaithe ó dheas agus formhór an 16% atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe, is sna Sé Chontae atá siad. Is é Béal Feirste an dara cathair is mó a bhfuil ár léitheoirí ann — sna sála ar Bhaile Átha Cliath. Anuas air sin, tá ár scríbhneoirí féin lonnaithe ar fud fad na tíre — ó Dhoire go Corcaigh agus ó Ghaillimh go Baile Átha Cliath. 

Is cinnte go bhfuil lochtanna go leor ar an Aontas Eorpach mar a sheasann sé faoi láthair, ach ónár dtaobh-na de san oifig seo, is lá truacánta é seo agus deighilt eile, nár iarr muid, á cur idir muid féin agus ár bpobal féin. 

Vótáil na hÉireannaigh a raibh vóta acu sa reifreann trí bliana go leith ó shin ar son an Aontais Eorpaigh. Bhí plé bríomhar ann an uair sin faoi na buntáistí a bhéarfadh an Bhreatimeacht don fheachtas ar son Éireann Aontaithe, ach cibé cén toradh a bheidh ar an bhfeachtas sin, tá an chosúlacht ar an scéal gur in olcas a rachaidh cúrsaí don ghnáthdhuine ó thuaidh sula dtiocfaidh aon fheabhas. 

Níl aon neart againne air anois, tarraingeofar amach as an Aontas muid agus níl tuairim againn dáiríre cén tionchar a imreoidh sé sin ar an gcaidreamh idir an dá dhlínse sa tír go fóilleach. 

Ní féidir linne mórán a dhéanamh seachas geallúint shollúnta a thabhairt dár léitheoirí nach ligfidh muid don Bhreatimeacht cur isteach ar an tseirbhís a chuireann muid ar fáil ná an caidreamh atá againn le lucht léite NÓS.

Fáisceadh as ceantar Gaelach in oirthuaisceart na tíre NÓS breis agus deich mbliana ó shin, agus ó shin i leith tá muid ag fás agus ag forbairt. Is mó an ceangal atá againn le Gaeil uile na hÉireann, idir mhuintir na Gaeltachta, mhuintir na gcathracha móra agus go deimhin na Gaeil i gcéin.

Is iris Ghaeilge uile-oileánda, uile-Eorpach agus uile-dhomhanda muid agus tá sé i gceist againn leanacht ar aghaidh mar sin agus muid ag tabhairt aghaidh ar an tréimhse chorraitheach seo i stair na hÉireann.