FÍSEÁN: ‘Gruaig na mBan Dubh’ le Wuraola (Ola) Majekodunmi

Seo píosa a scríobh Wuraola (Ola) Majekodunmi a foilsíodh sa leabhar ‘Meascra ón Aer’ le Marcus Mac Conghail.

“Scríobh mé an dán seo le mo mhothúcháin agus mo phaisean do mo ghruaig nádúrtha a chur chun cinn,” arsa Ola, “ní hamháin dom féin, ach do mhná dubha eile. Bítear de shíor dár gcáineadh mar gheall ar ár stíleanna difriúla gruaige agus is dán é seo leis sin a mhíniú agus ár n-áilleacht gruaige a thaispéaint. Níor thaitin mo ghruaig nadúrtha liom i gcónaí ach tá mé sa phróiseas anois grá a thabhairt di”.