FÍSEÁN: ‘Lá Domhanda na Síochána’ – agallamh le hOifigeach Cosanta na Náisiún Aontaithe

Lá Domhanda na Síochána atá ann inniu agus, chun léargas a thabhairt dúinn ar ghné den tsíocháin, labhair muid le hAngus Lambkin, Gael de chuid Bhéal Feirste atá ag obair mar Oifigeach Cosanta leis na Náisiúin Aontaithe.

Roinn sé a chuid smaointe linn faoi cad is síocháin ann, faoina chuid oibre féin, agus faoi na rudaí atá de dhíth ar an chine daonna chun síocháin a aimsiú.

Míle buíochas leis an Chiste Craoltóireachta Gaeilge a thug an maoiniú chun an físeán seo a dhéanamh.