5 aintiún comhionannais
Ó Bob Marley go Planxty

Bíonn ceol de dhíth ar gach feachtas agus ar gach cúis.

Seo fuaimrian comhionannais NÓS, rogha amhrán ó thimpeall an cruinne a ardóidh croíthe lucht TÁ agus iad ar a mbealach chuig na botháin vótála amárach.

Níl le déanamh ach guth na céille a nochtadh go minic agus go soiléir don saol mór agus gníomhú go dóchasach go mbeidh an lá leis an chiall agus leis an cheart.

Ardaigh do ghuth agus ardaigh na callairí!


1. A Change Is Gonna Come – Sam Cooke

“Is fada muid ag fanacht ach tá a fhios agam, tá athrú ar na bacáin.”

Ó pheann Sam Cooke sa bhliain 1964 a cumadh an t-amhrán seo, faoina shaol ag fás aníos in aimsir na cinedheighilte i stáit dheisceartacha Mheiriceá Thuaidh.

Ba chóras é a chinntigh nach raibh cearta ná ceannas ar bith á thabhairt do dhaoine gorma.

Díríonn an t-amhrán ar eachtra ar leith nuair nár ligeadh don amhránaí iomráiteach oíche lóistín a fháil in óstán in Louisiana, SAM.

Amhrán láidir a léiríonn dóchas fadradharcach don todhchaí.


2. I Wish I Knew How It Feels To Be Free – Nina Simone

Ba sa bhliain 1963 a chum an pianódóir snagcheoil mór le rá Billy Taylor an t-amhrán seo.

Eisithe den chéad uair i lár na seascaidí, níorbh fhada gur aithníodh mar aintiún é do ghluaiseacht cearta sibhialta na Meiriceánach Afracach.

Deirtear go bhfuil sé ar cheann de na hamhráin ab ansa leis an cheannródaí Martin Lurther King.

I Montreux na hEilvéise, sa bhliain 1976, a chan Nina Simone an leagan seo.

Taispeántas cumhachtach lán mothúchán a thabharfadh spreagadh d’aon dream a bhfuil leithcheal á dhéanamh orthu.


3. Get Up Stand Up – Bob Marley

Ba é rí an reigé Ó Marlaigh a scríobh an ceann seo in 1973 i dteannta Peter Tosh, ball de na Wailers agus is é Bob agus The Wailers atá i mbun ceoil san fhíseán seo a taifeadadh i Santa Barbara, California sa bhliain 1979.

Tá dhá scéal ann faoi bhunús an amhráin iontaigh agóide seo.

Baineann ceann acu le turas go Háítí a spreag Marley chun cumadóireachta i ndiaidh dó an oiread bochtanais a fheiceáil sa tír.

Deir daoine eile gur ag tagairt dá thaithí féin mar Rastafárach in Iamáice a bhí sé.

Cibé scéal atá fíor, is glaoch chun gnímh atá san amhrán seo chun an ceann is fearr a fháil ar an chos ar bolg.

Bíodh muid ag seasamh i gcoinne an leithcheala i gcónaí.


4. Clandestino – Manu Chao

An dara singil óna chéad albam Clandestino den teideal céanna, a bhfuil téamaí an chomhionannais, na saoirse agus cearta daonna go láidir ann.

Focal é ‘clandestino’ a thagraíonn do rud éigin ‘faoi rún’ nó ‘faoi thalamh’, ‘imirceach’ nó ‘spailpín’.

Díríonn an t-amhrán seo ar an anró atá á fhulaingt ag teifigh timpeall na cruinne, agus iad gan seasamh, gan aon pháipéarachas agus faoi smacht na n-údarás.

Tá ceartas sóisialta agus cíocras na hilchineálachta i gcroílár cheol Manu Chao.

Ceol domhanda a ardaíonn ceisteanna domhanda – foirfe dár bhfeachtas ar son an chomhionannais phósta.


5. Tabhair Dom Do Lámh – Planxty

Ar deireadh seo chugaibh fonn deas de chuid na 17ú haoise, a chum an cruitire agus píobaire Ultach Ruaidhrí Dall Ó Catháin.

Luadh an port seo leis an bhliain 1603 i mbailiúchán Edward Bunting agus meastar gur cumadh in Albain é.

Rinne Seán Ó Riada athbheochan air sna caogaidí agus chinntigh Planxty – Christy Moore, Andy Irvine, Dónal Lunny agus Liam Ó Floinn – go mbeadh sé á chasadh ag glúin de cheoltóirí a tháinig ina ndiaidh.

Seo na laochra agus iad i mbun ceoil sa Staidiam Náisiúnta, Baile Átha Cliath, sa bhliain 1973.

Ó shin, rinne go leor daoine taifead de ‘Tabhair dom do lámh’, fonn ar minic é mar rogha ag lánúineacha Gaelacha ar lá a bpósta sa lá atá inniu ann.