5 ghníomh ar son na Gaeilge
gan mhaoiniú, gan foirmeacha a líonadh, is gan a thuilleadh moille!

Mhothaigh mé ciontach.

Bhí mé gafa leis na meáin shóisialta.

Chuir ráiteas éigin i gcoinne Gaeilgeoirí olc orm.

Bhí iontas orm cé chomh gonta is a bhí mé, is é mo phost a bheith fuarchúiseach agus scartha óna leithéid.

Ach air sin a bhí mé ag smaoineamh, chan ar m’iníon a bhí ag iarraidh scair de mo chuid ama, agus iomlán mo chuid airde.

Tar éis dom fiannaíocht na hoíche a aithris di, lig mé do mo chuid smaointe tiontú ar an fhreagra a bhí beartaithe agam.

In áit mo chuid mothúchán a réiteach trí alt a scríobh áfach, shocraigh mé rud éigin ‘praiticiúil’ a bheartú.

Rinne mé mo mhachnamh ar chorr-rud gur féidir a dhéanamh ar son na teanga leat féin, as do stuaim féin, gan mhaoiniú, gan foirmeacha a líonadh, gan chead is gan mhoill.

Seo 5 smaoineamh ón mhachnamh chéanna, ‘saor in aisce’ ach ar tógadh iad ó dhaoine eile.


1. An cúpla focal

Bíonn idir fhíor-Ghael is iar-Ghael in amhras faoin ‘cúpla focal’, an Ghaeilge shiombalach a úsáidtear sa pholaitíocht agus sa Chumann Lúthchleas Gael.

Tuigim an pointe sin.

Is beag ball de Chumann Lúthchleas Gael, nó Sinn Féin, nó dream éigin eile a bhaineann líofacht amach, a shíleann gur leor an cúpla focal.

Ach tá léamh eile ar an scéal.

Chonaic mé saothar acadúil tamall de bhlianta ó shin ar Bhéarla na hÉireann a bhí bunaithe ar chraolacháin raidió agus ar chomhráite príobháideacha a thaifeadadh.

Ar na torthaí is mó, agus is iontaí, a tháinig amach ón taighde seo, dar liom, bhain sé leis an Ghaeilge.

Léiríodh go n-úsáideann cuid mhaith de mhuintir na hÉireann Gaeilge go rialta, fiú más beag an méid céanna.

Tá muid ag caint ar fhrásaí amhail “go raibh míle”, “fáilte romhat”, “le do thoil” agus “An Garda Síochána” srl.

Ní mórán é seo.

Níl mé ag maíomh gurb ionann é agus ‘Gaeltacht’ nó a dhath – ach ní ceart a rá nach faic é ach an oiread.

Ach cad faoi ‘go raibh maith agat’ srl. a rá in áit ‘thank you’ oiread is féidir. Ná habair liom nach dtuigfí na frásaí seo go forleathan.

“Cén mhaitheas a dhéanfadh sé”, a dhéarfadh an duine soiniciúil.

Is fíor go ndearna an ‘cúpla focal’ dochar don teanga go dtí seo, go ndearnadh í a dhí-normalú seachas a mhalairt.

Ach b’shin de bhrí go bhfacthas don ghnáthdhuine nach raibh ann ach béalghrá agus comharthaíocht suáilce na n-uasal-aicmí.

Seans gur féidir le cúpla focal Gaeilge maitheas a dhéanamh agus é mar chuid de ghnáth-theanga chumarsáide.

Seans gurb é sin an t-aon seans do pháistí scoile an Ghaeilge a chloisteáil taobh amuigh den scoil.

Sílim gur féidir an cúpla focal a úsáid mar ghléas ar son normalú na teanga.

Cuirfidh mé ar bhealach eile é – dá dtosódh 100,000 duine ag rá ‘le do thoil’ seachas ‘please’ i gcónaí, ní bheadh sé siombalach, bheadh sé ina réabhlóid.


2. Teagmháil le polaiteoirí

Is furasta iad a lochtú, ach ar chuir tú litir chuig polaiteoir riamh ag leagan amach do chás?

Craoltóirí, státseirbhísigh, polaiteoirí, áisíneachtaí stáit agus neamh-stáit – scríobh chucu, déan gearáin, tabhair moladh, déan cibé rud ach scríobh chucu!

Cuir in iúl dóibh gurb ann duit.

Abair leo cad atá uait agus abair arís, is arís is arís é.

Gheobhaidh tú amach gur mó an t-aineolas ná an naimhdeas.

Tá sé cruthaithe arís is arís eile go bhfuil an cineál seo feachtasaíochta an-éifeachtach agus riachtanach, más fadálach leadránach é ag an am céanna.


3. Glac printíseach

Tá sé fíor-dheacair rang Gaeilge a ghlacadh ar bhonn rialta, go háirithe má oibríonn duine fada ó bhaile, má oibríonn siad sealanna éagsúla agus má tá páistí óga acu.

Ach an bhfuil bealach eile ann chun do chuid eolais a thabhairt do dhaoine eile – bhuel, b’fhéidir printíseach nó beirt a earcú!

Is é sin, duine gur féidir teacht chuig do theachsa chun Gaeilge a fhoghlaim ó do theaghlach, an teanga bheo mar a dhéarfá.

Duine gur féidir cabhrú leat agus tú ag obair sa chuibhreann srl. agus iad ag foghlaim na Gaeilge ag an am céanna.

Thiocfadh le duine díograiseach an Ghaeilge a fhoghlaim go tapaidh is go héifeachtach sa chomhthéacs seo dar liom.

B’fhéidir gur fearr é seo mar bhealach le do chuid ama a chaitheamh ná rang a theagasc do dhaoine atá ansin mar chaitheamh aimsire?


4. Scríobh blag

Ba cheart go mbeadh réimse níos leithne d’irisí Gaeilge ann, irisí spóirt, irisí staire, foilseacháin na heite deise agus na heite clé – ach níl.

Bhuel, ná habair é – déan é. Mura bhfuil sé ar fáil, cuir ar fáil é.

An bhfuil nuacht áitiúil ar fáil as Gaeilge i do cheantar – níl? Cuir a leithéid ar fáil mar sin.

An bhfuil eolas faoi do chaitheamh aimsire is fearr ar fáil sa Ghaeilge? Mura bhfuil, déan rud éigin faoi.

An bhfuil stair, logainmneacha agus sloinnte do cheantairse ar fáil áit ar bith? Mura bhfuil, scaip an scéal.

Thiocfadh le Gaeilgeoirí an t-idirlíon a úsáid chun preas-phobail a fhorbairt.

Tá blaganna WordPress agus Blogspot, Facebook agus Twitter, saor in aisce, mar atá leithscéalta féin.


5. Feabhsaigh do chuid Gaeilge féin

Creidim gurb é ceann de na gníomhartha is tábhachtaí gur féidir leis an duine aonair a dhéanamh ar son na Gaeilge ná feabhas a chur ar a c(h)uid Gaeilge féin, ach amháin más cainteoir dúchais den chéad scoth thú.

Streachailt fhiúntach atá ann.

Má shíleann tú gur chóir go mbeadh Gaeilge níos fearr ag an bhean béal dorais – ná déan gearán faoi i gcogar.

Feabhsaigh do chuid Gaeilge féin agus feabhsóidh Gaeilge do chomharsan, fiú mura bhfuil sin uaidh.

Bíonn tionchar ag do chuid cainte ar na daoine thart ort agus tá a mhalairt fíor chomh maith.