7 Mór-Sprioc Misneach
a d'eascair as Meitheal Misneach 2016

Tá sé déanta.

Tháinig Gaeil ghníomhacha, lán tuairimí agus fuinnimh, as na ceithre hairde le chéile i Ráth Chairn Ghlas na Mí ag an deireadh seachtaine agus d’éirigh linn plean a chur i gceann a chéile a raibh formhór mór an tseomra sásta leis.

Is é a bhí i gceist le Meitheal Misneach ná deireadh seachtaine pleanála, díospóireachta, plé agus spraoi le theacht ar chur chuige a dtiocfadh linn díriú air mar eagraíocht agus mar ghluaiseacht.

An toradh, i ndiaidh an iomláin, gur shocraigh muid ar sheacht mór-phointe a bheadh mar thosaíocht ag Misneach sa tréimhse amach romhainn:


1. Lánfhostaíocht, a thugann aitheantas do chearta teanga sa Ghaeltacht agus sa tír i gcoitinne.

2. Oideachas d’ardchaighdeán trí Ghaeilge ar fáil ag gach leibhéal dóibh siúd atá á iarraidh.

3. Cearta iomlána teanga ar fáil do na Gaeil in Éirinn.

4. Gach seirbhís ar fáil trí Ghaeilge sa Ghaeltacht.

5. Féinchumhachtú na nGael.

6. Saol sóisialta bríomhar ar fáil trí Ghaeilge.

7. Díchoilíniú iomlán.


Chomh maith leis sin rinne muid oifigigh áitiúla, a bheadh freagrach as Misneach ina gceantar féin, a thoghadh.

Chuir muid bailchríoch ar ár mbunreacht agus thogh muid urlabhraithe a labharfadh ar son Misneach ag an leibhéal náisiúnta.

Diomaite de na nithe tábhachtacha sin bhí scoth na craice againn le seisiúin cheoil sa Bhradán Feasa, an teach leanna i Ráth Chairn, ceolchoirm le JJ Ó Dochartaigh agus Oisín Mac Giolla Bhríde go maidin an lá arna mhárach, amhráin agus scéalaíocht d’achan chineál, cúpla cóisir tí agus dúidíní thart fán láthair champála.

Deireadh seachtaine gnóthach lán cainte agus caibidile a bhí ann le mórán cuir agus cúitimh.

Thóg sé mo chroí agus thug sé Misneach domh.

meitheal2016

I ndiaidh na díospóireachta uilig agus, fiú, na hargála, bhí cuideachta agus comrádaíocht den scoth ann.

Tá Misneach, ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile, ar ais ar an fhód le tuairim is trí bliana go leith anois.

Meascán de choincheap radacach agus de ghrúpa measartha scaoilte gníomhaithe a bhí ann agus lámh againn in agóidí móra, agóidí beaga, oideachas pobail, oícheanna sóisialta agus féilte le linn na tréimhse sin.

Tá dlúthú anois déanta ar an choincheap agus ar an ghrúpa scaoilte sin.

Le trí mhodh oibre – Tógáil Pobail, Feachtasaíocht agus Oideachas Pobail – tá muid ag dréim le dúshláin an dá stáit a thabhairt sa tír seo fá choinne ár gcuid ceart mar Ghaeil a bhaint amach.

Seasfaidh muid gualainn ar ghualainn le daoine eile a bhfuil leatrom á dhéanamh orthu fosta ar mhaithe le todhchaí níos fearr a bhaint amach dúinn féin agus do chosmhuintir na tíre i gcoitinne.

Spreagadh muid i rith na Meithle ag cainteanna mórintinneacha ag daoine a bhfuil saineolas agus taithí ar leith acu.

Ar cheann de na cainteanna ba suimiúla a tugadh, labhair Aindrias Ó Cathasaigh ar ghluaiseacht na Gaeilge le 100 bliain anuas.

Cháin sé an dípholaitiú atá déanta ar cheist na teanga agus d’impigh sé ar ghníomhaithe de chuid Misneach nasc soiléir a dhéanamh idir ceisteanna eacnamúla, sóisialta agus polaitiúla, atá ag goilliúint orainn uilig, agus ceist na Gaeltachta agus na Gaeilge.

Bhí an t-acadóir agus speisialtóir ar an phleanáil teanga, an Dr. Brian Ó Curnáin, linn le cur síos a dhéanamh ar na dúshláin mhóra atá roimh an teanga sa Ghaeltacht, agus le moltaí ar cén dóigh is éifeachtaí le dul i ngleic leo agus muid ag beartú threoir na heagraíochta.

Bhí Raidió na Gaeltachta linn ag craoladh beo ón ócáid maidin Shathairn fosta.

Labhair Pádraig Mac Donncha as Gaeltacht Ráth Chairn linn fán streachailt agus fán fheachtasaíocht atá déanta ag pobal Ráth Chairn le 80 bliain anuas.

Tá mé lánchinnte gur ardú meanman a bhí ann do chuile dhuine a bhí i láthair an chaint sin a chluinstin agus a fheiceáil lenár súile cinn chomh radacach agus lán misnigh is atá seanfhondúirí Ráth Chairn.

Bhí gné idirnáisiúnta leis an imeacht chomh maith, le triúr gníomhaithe ónár macasamhail de ghrúpa in Albain, Misneachd, a thainig go Contae na Mí le teagmhálacha a neartú idir an dá thír agus le pleananna agus tuairimí a bhabhtáil linn.

Ba léir domh fá thráthnóna Domhnaigh, agus daoine ag déanamh a mbealaigh abhaile, go bhfuil Gaeil in achan chearn ag santú gníomh láidir feiceálach ar son todhchaí níos fearr a bhaint amach dár gcuid pobal.

I mbliana, go dtí an chéad Meitheal Misneach eile, tógfaidh muid Misneach i mbailte móra agus i mbailte beaga ar fud na tíre agus tabharfaidh muid dúshlán an dá stáit sa tír seo.

Ar aghaidh linn agus déanamais é! Bíodh Misneach againn!


Cliceáil anseo chun éisteacht le ‘An tSeachtain’ le Máirín Ní Ghadhra a craoladh beo ar Raidió na Gaeltachta ó Mheitheal Misneach Dé Sathairn.