Am ann go fóill tacú le Cúnamh Iveragh in Uíbh Ráthach

Agus mé ar chóisir ban roimh phósadh fadó, i gCloich na Coillte i gCorcaigh, bhí an bhuíon againn ag fanacht i dtithe saoire ar feadh dhá oíche ar imeall an bhaile. Bhuail linn, buíon ógánach fear, a raibh riachtanais speisialta acu, agus beirt fhear eile ag tabhairt aire dóibh. Thosnaíomar ag caint leo. 

Bhíodar tagtha ó Thiobraid Árann, chun scíth a thabhairt do mhuintir na leaideanna a raibh riachtanais speisialta acu, ar feadh an deireadh seachtaine. Chaitheas mórán ama ina dteannta, ag caint is ag cadráil agus ag amadántaíocht agus bhaineas ana-thaitneamh as a gcomhluadar. 

Saineolaí ar ráiseanna capall ab ea duine acu. Bhíos ag foghlaim liom. Chuaigh an méid a bhí ar siúl ag an mbeirt fhear a bhí i bhfeighil isteach im’ chroí agus cheapas go raibh rud ana-fhiúntach ar fad ar siúl acu. Nuair a cheistíodar cad é an post a bhí agam féin, bhíos náirithe a rá leo gur láithreoir aimsire a bhí ionam, mar mheasas ná raibh doimhneas sa phost i gcomparáid leis an sár-obair thábhachtach a bhí ar siúl acu siúd.

Pé scéal é, níl ach aon ionad amháin faoisimh, nó respite mar a thugtar air, i gcontae Chiarraí, agus tá san in oirthear an Chontae. Is mór an fhaid é, ón bpointe is sia siar i nDairbhre go hoirthear Chiarraí, agus dúradh liom, go bhfuil clann amháin a bhfuil leanbh acu a bhfuil riachtanais speisialta aige, ag feitheamh le cúig bliana chun go bhfaigheadh a leanbh spás chun oíche nó dhó a chaitheamh ann. 

Is obair 24 uair a chloig sa ló é, an obair a dheineann máithreacha, aithreacha agus deartháireacha, deirfiúracha agus seana-thuismitheoirí, nuair a bhíonn leanbh acu a bhfuil riachtanais speisialta acu, agus ní haon iontas, dá bhrí sin, go mbíonn scíth de dhíth agus scíth tuillte. 

Tá carthanas in Uíbh Ráthach i gCiarraí Theas, a thugann Cúnamh Iveragh orthu féin, agus tá sé ar na bioráin acu Ionad Faoisimh do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta acu a fhorbairt. Tá ionad lae acu mar atá, is é sin Cúnamh House, ach tá foirgneamh acu i lár bhaile Chathair Saidhbhín lena ais, agus le cabhair na muintire, agus síntiúis deonacha amháin (níl aon tacaíocht rialtais á fháil acu), tá cuid den bhfoirgneamh sin á chur in oiriúint acu chun go mbeidh sé ag feidhmiú mar Ionad Faoisimh. 

D’fhéadfadh daoine lá nó dhó a chaitheamh ann, chun scíth a thabhairt dá muintir, agus chun taitneamh a bhaint as seirbhísí cúraim ar ardchaighdeán. Bheadh sí mar aidhm leis, ag Cúnamh, go raghadh muintir na ndaoine ar saoire i gCiarraí Theas faid is atá an leanbh san ionad. 

Táid ag iarraidh na buntáistí ar fad a chur ina luí ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, arbh fhearr leo go mbeadh an t-ionad faoisimh níos lárnaí sa chontae, ach is cuma le Cúnamh, leanfaidh siad ar aghaidh leis an bhforbairt mar go bhfuil géarghá agus ana-ana-éileamh air i gCiarraí Theas.

Níl aon gheallúint fachta acu ón bhFeidhmeannacht go gcuirfidh siad maoiniú ar fáil, áfach, chun na hoibrithe agus na haltraí a bheidh fostaithe san ionad a íoc, ach tá sé ar na bioráin ag Cúnamh cúrsaí a bhaineann le gairmeacha beatha a bheadh oiriúnach don Ionad Faoisimh a chur ar bun sa cheantar. 

Tá obair na gcapall ar siúl ag an gcoiste le blianta fada agus iad ag bailiú leo ar dalladh. Faoi láthair, toisc nár reáchtáladh Rothaíocht Charthanachta Mhór-Chuaird Chiarraí arís i mbliana de dheasca an víris chorónaigh, tá dúshlán rothaíochta 170km My Way ar bun ag daoine as a stuaim féin, idir an 3 Meitheamh agus an 3 Iúil agus iad ag bailiú do Chúnamh Uíbh Ráthaigh. Tá am fós agat.

Mar a deir Marty Whelan, Every Little Helps. Go n-éirí sé leo.