Ascaillí Gruagacha
á gcíoradh ag Ciara Ní É!

Agus Ciara Ní É ag cíoradh cheist na n-ascaillí gruagacha, labhair sí le roinnt Gael lena dtuairimí a fháil ar an ábhar. Athraíodh na hainmneacha san alt seo le céannacht daoine a chur ó aithint.


Cad a cheapann sibh faoi ghruaig ascaille?

Is dócha go bhfuil dhá thuairim agat: ceann amháin a bhaineann le fir, agus ceann iomlán difriúil a bhaineann le mná.

An tuiscint is coitianta sa lá inniu ná go bhfuil ascaillí gruagacha garbha ag fir agus gur chóir go mbeadh ascaillí glanbhearrtha míne ag mná.

Agus a luaithe is a bhíonn ribe gruaige ag gobadh amach ó ascaill mná is féidir a bheith cinnte go dtarraingeoidh sé aird.

“Le bheith iomlán macánta, cuireann siad (ascaillí gruagacha) déistin orm,” arsa Seán.

(Fiú cinn Sophia Lauren??)

Bhí Oisín ar an dearcadh céanna.

“Caithfidh mé a rá nach dtaitníonn sé liom gruaig ascaille a fheiceáil ar bhean,” ar seisean.

“Tuigim go mbíonn sí ann go nádúrtha ach ní maith liom í a fheiceáil,” a dúirt Tadhg.

“Níl sé baineann.”

Dar ndóigh, is minic go mbeadh rian de ghruaig le feiceáil ar an ascaill ar bhean go luath tar éis gur bearradh í. (Fásann gruaig!).

Ach cé mhéad gruaige atá inghlactha?

Fásann gruaig cinnte, ach ar luasanna éagsúla, ní hionann scrobarnach sheachtaine ar bhean amháin agus an chéad bhean eile.

Dúirt Tadhg, gur chuma leis faoi choinleach (gruaig ghearr ghéar) a bheith ann, ach nuair a fhásann an ghruaig níos faide “nach féidir leis í a sheasamh”.

Agus céard a dúirt na mná?

Gan a bheith déistineach, cheap Sinéad go raibh sé ait!

Níor thuig Orla cén fáth a bhfásfadh bean a cuid gruaige ascaille in aon chor.

D’admhaigh Áine nach bhfaca sí gruaig a hascaille riamh, ó tharla í a bheith á bearradh go rialta ó bhí sí 13 bliana d’aois.

Nós atá amhlaidh i measc an chuid is mó de mhná ar chuir mé ceist orthu; bhearr siad a n-ascaill go mín agus go minic mar go raibh “cuma níos fearr” uirthi, dar leo, agus gurb é sin a dhéantar go coitianta.

Tá sé spéisiúil nár cheap fir ná mná go raibh aon fhadhb le gruaig ascaille a bheith ar fhir (“fad is go nitear go rialta í”).

Ina theannta sin, an tuairim is coitianta ná go mbeadh sé “as an ngnáth ach inghlactha” ascaill ghlanbhearrtha a fheiceáil ar fhear.

Nach deas an rogha a bheith acu!

Ar ndóigh, cloítear le nósanna an tsochaí ina mairimid ar roinnt slite éagsúla, agus de réir na nósanna sin, athraímid an chuma atá orainn féin.

Ní gá breathnú mórán níos faide ná an ghruaig a fhásann ar bharr ár gcloigne agus ar na dathanna a shamhlaítear le buachaillí agus le cailíní óga chun tuiscint a fháil air seo.

Gruaig fhada a bhíonn ar mhná de ghnáth agus ghruaig ghearr a bhíonn ar fhir, agus is é bándearg a fheictear ar chailíní beaga agus gorm a bhíonn ar bhuachaillí óga.

An fhadhb leis an ngnás áirithe seo, ina mbearrann mná a hascaillí, ná go mbíonn dualgas ar mhná tabhairt faoi.

Caithfidh sí í féin a bhearradh, nó beidh sí “ait”.

Dúirt Máire, a chuir deireadh leis an síorbhearradh cúpla bliain ó shin, gur chuir sé as di ag an tús gur cheap gach duine gur “ráiteas feimineach” é.

“Ceapann daoine fós é, agus cuireann sé soir mé. Ní ann ach mo chorp! Ní ráiteas feimineach é mo chorp!”

Aontaíonn Aoibhinn léi, agus an cinneadh déanta aici tamall ó shin scaoileadh lena gruaig ascaille.

“Ag an tús bhí mé ar an airdeall an t-am uilig, ag tabhairt faoi deara go raibh daoine ag tabhairt suntais do mo chuid gruaige,” ar sí.

“Anois ní smaoiním faoi an oiread sin, ach is ait an rud é, níos mó ná uair amháin tá bean tar éis a rá liom faoina hanáil gur féidir mo ghruaig ascaille a fheiceáil, amhail is go raibh sí ag cabhrú liom agus go bhfuil rud náireach nó rúnda á thaispeáint agam de thaisme!”

Chuige sin, tá mná gruagacha tar éis teacht ar smaoineamh eile le dul i ngleic le deacracht Aoibhinn agus dath a chur sa ghruaig acu.

Tá an ascaill dhaite le feiceáil go forleathan ar Instagram, ar Miley Cyrus, agus i roinnt físeán YouTube a thugann treoracha conas tabhairt faoi.

Chomh maith le bheith ina “píosa spraoi”, buntáiste mór na stíle daite seo ná gur deacair ag duine ceapadh go bhfuil an ghruaig ann de thaisme.

Sna tráchtanna ar na físeáin YouTube, dar ndóigh, bíonn troill ann ag caitheamh anuas air.

Sin rud eile a tharlaíonn do mhná nach mbearrann faoina n-ascaillí, tá fir ann nach rachadh leo.

“Ag deireadh an lae is cabhair é sin,” arsa Máire, “mar gur mhaith liom na fir chúngaigeanta sin a sheachaint ar aon nós!”

Ascaillí gruagacha galánta abú!