Bímis ionraic faoi inimirce
Ní féidir an craiceann & a luach a bheith againn

An rud is annamh is iontach.

Creidim nár chóir colún a thosú le seanfhocal in am ar bith ach tabharfaidh mé cead dom féin an riail a bhriseadh an uair seo.

An tseachtain seo ar an stáisiún raidió lena mbím ag obair, bhí muid ag plé cheist na gcrann cumarsáide fón póca agus rinne comhairleoir áitiúil rud ar leith – labhair sé go hiomlán ionraic.

Bhí an Comhairleoir Michael Carr díreach – char mhaith leis crann fón póca in aice lena theach agus bhí an-trua aige dá bharr do dhaoine a bhfuil crann nua á thógáil in aice leo.

Dúirt sé go bhfuil daoine ag iarraidh dhá rud: “raon clúdaigh d’fhóin phóca” agus “gan crainn chumarsáide ar bith gar dóibh”.

Agus sin an staid dhaonna i gcúpla focal.

Ritheann sé liom gur ionann an scéal le beagnach gach cás, sinne ag iarraidh an dá rud, agus rud éigin dúinn féin amháin ach chan do dhaoine eile.

Agus is amhlaidh atá sé le ceann de na hábhair dhíospóireachta is mó a bhaineann leis an Eoraip faoi láthair – ceist na hinimirce.

………….

Más ar imeall na hEorpa atá muid, tá Éire i gcroílár na tragóide atá ag titim amach sa Mheánmhuir agus daoine ag teitheadh ó chogaí, ón ocras agus ó bhochtaineacht ar bháid bheaga gan acmhainn ag teacht inár dtreo.

Bhí LE Eithne ag oibriú ann ó mhí na Bealtaine go mí Iúil.

Le linn na tréimhse sin bhain sí agus a criú clú amach as 3,400 duine a shábháil, 179 páiste ina measc.

Daoine iad seo a bhí ag teitheadh ón Afraic agus ón Mheánoirthear chun sábháilteacht na hEorpa a bhaint amach.

Ghlac an LE Niamh áit s’aici, agus tá na céadta duine sábháilte aicise cheana.

Le linn misin amháin tháinig leanbh ar an saol ar bord Niamh, Destiny a tugadh ar an ghirseach seo.

Tá an dá long ann mar chuid de ‘Operation Triton’ – oibríocht de chuid Frontex, nó ‘An Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh’.

Nó mar a deirtear sa Ghaeilge “thraidisiúnta”: coinníonn siad na foreigners amach.

Is é aidhm ‘Triton’ ná díriú ar “bhainistiú teorainneacha agus faireachas”, ní inimirce a éascú ná inimircigh a shábháil ón fharraige.

Ach, dar le Frontex, is oibleagáid é cuardach agus tarrtháil a ghlacann oibríocht Triton go dáiríre.

“Déanfar cibé dream a aimseofar a shábháil,” a deir urlabhra ar son na háisíneachta.

Mar sin de, táthar ag sábháil daoine – níl amhras ar bith faoi sin – ach cén fáth nach féidir sin a bheith mar phríomhaidhm acu?

Bímis soiléir.

Árthaigh phatróil iad Eithne agus Niamh – rinneadh iad chun iascairí Spáinneacha a ruaigeadh amach as uiscí na hÉireann.

Báid armtha iad, báid mhíleata iad – tá an teachtaireacht iontach soiléir.

Dá mba rud é go raibh an Eoraip ag iarraidh cinntiú nach bhfaigheadh aon fhear, bean nó leanbh bás agus iad ag iarraidh teacht chun na hEorpa, bheadh báid fharantóireachta ag glacadh na mílte duine trasna ar bhonn laethúil.

Ach níl sé sin ag dul a tharlú, mar cosúil le cás na gcrann cumarsáide, tá daoine ag iarraidh an dá rud – inimircigh a choinneáil amach agus gan duine ar bith a bheith ag fáil bháis ag iarraidh teacht isteach.

Ní féidir an dá rud.

Is eadh, feicim teachtaireachtaí ar na meáin shóisialta ar bhonn laethúil ag éileamh go mbeadh saorchead isteach ag cách.

Ach is féidir leis na daoine sin é a mholadh agus fios maith acu nach dtarlóidh sé choíche.

Bíonn an-trua ag daoine do theifigh atá ag iarraidh éalú ó chogaíocht agus ón ocras ach, ag an am céanna, tá eagla orthu rompu agus roimh “oll-inimirce”.

Tuigeann gach rialtas san Eoraip sin agus téann siad i mbun gnímh dá bharr.

Cuir i gcás, glacann rialtas Shasana seasamh láidir i gcoinne na n-inimirceach seo mar tuigeann siad go maith gurb é sin toil an phobail i gcoitinne.

Ar bhealach is aisteach é sin, tá Eorpaigh tar éis Meiriceá Thuaidh agus Theas, an Astráil, an Nua-Shéalainn agus Tuaisceart na hÁise a ghoid ó bhundúchasaigh na gcríoch sin le claíomh is gunna, le cinedhíothú agus glanadh eitneach.

Rinne Eorpaigh gach iarracht coilíniú a dhéanamh ar an Mheánoirthear agus tuaisceart na hAfraice.

Go dtí seo d’éirigh le muintir na dtíortha sin éirí amach agus iad a bhrú isteach san fharraige – rud ar theip ar bhundúchasaigh Mheiriceá agus na hAstráile a dhéanamh.

Ach is gann a thugtar “imirceach” ar Eorpach ar bith, tá ciall ar leith ag an fhocal “migrant” agus tá blas diúltach air.

Tugann Sasanaigh “ex-pats” orthu féin go seafóideach.

Mar sin féin, tá mé measartha cinnte go vótálfaidh muintir na Ríochta Aontaithe chun an tAontas Eorpach a fhágáil ar cheist na hinimirce amháin – ‘Br-imeacht’ más maith leat.

Níl a fhios agam cad é atá i ndán do na “hexpats” sa chás sin.

Tá idir 300,000 agus 760,000 Briotanach ag cur fúthu sa Spáinn – an mbeidh siad ina gcónaí ann go mídhleathach ansin?

Nó níos measa arís – an mbeadh orthu Spáinnis a fhoghlaim?

Chun scéal fada a dhéanamh gairid, tá daoine saibhre an Iarthair, a bhfuil craiceann geal againn den chuid is mó, ag iarraidh cearta saorghluaiseachta dúinn féin amháin.

Anois tá páirtí nua againn in Éirinn – Identity Ireland nó “Aitheantas Éire” mar atá orthu i gcanúint éigin cosúil leis an Ghaeilge – a bhfuil mar phríomhaidhm acu deireadh a chur leis an ‘oll-inimirce’ seo.

Tá suíomh idirlín s’acu i mBéarla amháin agus go hiomlán amaitéarach agus beidh le feiceáil cén rath a bheas orthu.

Shíl mé i gcónaí gurb í an Ghaeilge agus an Chríochdheighilt a shábháil Éire ón eite dheis antoisceach – conas is féidir a bheith ag maíomh gur bagairt iad inimircigh do chultúr dúchais na tíre seo agus gan rian den chultúr sin ionat féin agus tú féin ar son deireadh a chur leis?

Tá an caidreamh idir an eite dheis agus an teanga dhúchasach an-lag le fada agus tá sé deacair a bheith ag maíomh as ardcheannas na tíre agus tú go láidir i gcoinne náisiúnachas na hÉireann – agus i roinnt mhaith cásanna ag iarraidh Éire a thabhairt ar ais faoi thionchar na Breataine.

Mar a dúirt Alan Titley an tseachtain seo caite – “An dream inimirceach is mó sa stát, is Sasanaigh iad. Ní chloisim aon éileamh go gcuirfí cosc leo, ná gur chóir a ndíbirt.”

Ach tá daoine i dteideal cúrsaí inimirce a phlé gan ciníochas a bheith curtha ina leith, agus níl aon bhealach níos éifeachtaí chun ciníochas a spreagadh ná cosc éifeachtach a chur ar phlé faoi inimirce.

…………

Lig dóibh bás a fháil nó lig isteach iad – sin an dá rogha atá romhainn.

Táthar ann a bheadh sásta ligean do dhaoine bás a fháil san fharraige nó sa tSiria – caithfear sin a admháil.

Tugann roinnt mhaith acu sin Críostaithe orthu féin – molaim dóibh gan an Bíobla a léamh choíche, chuirfeadh sé ar strae iad.

Mar sin féin, caithfear an cheist a chur: cad é a dhéanfaimid leis na céadta míle teifeach agus iad anseo, agus cén tionchar a d’imreodh siad ar ár sochaí?

Sin na ceisteanna a chaithfear a fhreagairt sula socróidh mórphobal na hEorpa céad míle fáilte a chur roimh theifigh an domhain.

Ní leor a bheith ag postáil ar Facebook – tá díospóireacht ar bhonn mór-roinne de dhíth.

rnag-nos-colun