Bua Trump & Bua Cannabais
Seachtain mhór i SAM

Ó tharla cuid mhór againn a bheith gafa le lá anuas ag iarraidh ciall a bhaint as bua an Trumpadóra, ba dheas aird a dhíriú ar bhua eile i roinnt stát an tseachtain seo a léiríonn go bhfuil rian den mheon cheannródaíoch fós beo i SAM – bua na cnáibe.

Tá cáil ar an Chalafóirn as a bheith nuálach, fadradharcach maidir le dlíthe a chur i bhfeidhm i bhfad sula nglactar leo aon áit eile sa tír.

Mar a deirtear sa Bhéarla, “As California goes, so goes the nation.”

Cuireadh ceisteanna eile seachas ceist na huachtaránachta faoi bhráid lucht vótála inné, agus vótáil muintir California, an stát is mó go dtí seo, ar son druga dleathach áineasa a dhéanamh de channabas.

Anois go bhfuil glactha le Moladh 64 (Proposition 64), is féidir le daoine atá 21 bliain d’aois nó níos sine suas le hunsa amháin de channabas a cheannach agus a bheith ina seilbh acu, agus tá cead ag duine suas le 6 phlanda raithní a fhás.

canibislar

Dúirt Nate Bradley, stiúrthóir feidhmeannach Chumann Thionscal Cannabais California gur toradh maith a bhí sa vóta.

“Tá muid ar bís gur vótáil saoránaigh California chun deireadh a chur leis an pholasaí theipthe a chuir bac le raithneach.”

Dúirt sé gur cheart agus gur chóir California a aithint anois mar lárionad forbartha, taighde agus nuálaíochta i gcúrsaí cannabais.

Cé gur chuir gníomhaireachtaí dlí in California i gcoinne an mholta – ina measc Cumann Chinn Phóilíní California agus Cumann Phóilíní Tráchta California – níor éirigh leo cur in aghaidh an fheachtais ar son na cnáibe go héifeachtach.

Tuigtear gur chuir Uachtarán Facebook, Seán Park, agus an billiúnaí George Soras airgead mór chun tosaigh don fheachtas ar son cannabais.

Bailíodh $16 mhilliún ar fad, beagnach deich n-oiread an mhéid a tiomsaíodh don fheachtas in éadan an druga a dhéanamh dleathach ar mhaithe le háineas.

Tá an Chalafóirn anois ar cheann de na 7 stát a cheadaíonn cannabas mar dhruga áineasa: is iad Massachusetts, Nevada, Colorado, Alaska, Washington agus Oregon na sé cinn eile.

Inné, ghlac Dakota Thuaidh le cannabas mar ábhar leighis; an 27ú stát le déanamh amhlaidh.

Cibé faoi Trump sa Teach Bhán, tá an tuar ag athrú ar son an phlanda ghlais!