Acmhainní nádúrtha 2016 caite
Lá Taraimsithe an Domhain linn

Tá buiséad bliantúil na n-acmhainní nádúrtha caite cheana féin againn agus giota maith níos mó ná ráithe fós le gabháil i mbliana againn.

Aithnítear gurb é an Luan seo caite, an 8 Lúnasa 2016, an lá a sháraigh an cine daonna ár mbuiséad bliantúil d’acmhainní nádúrtha ó thaobh maireachtáil ar dhóigh inmharthana ar an Domhan de.

Is é Gréasán Domhanda an Lorg Éiceolaíochta (Global Footprint Network), institiúid idirnáisiúnta taighde, a tháinig ar an dáta úd trí na laethanta sa bhliain nach bhfuil sé d’acmhainn ag an Domhan freastal ar lorg éiceolaíoch an chine dhaonna a chuntas.

Tagann siad ar dháta, ar a dtugtar ‘Lá Taraimsithe an Domhain’ (Earth Overshoot Day), trí bhithacmhainn (biocapacity) an phláinéid a roinnt ar lorg éiceolaíoch an chine dhaonna agus an freagra úd a iolrú faoi 365, nó 366 i mbliain bhisigh.

Rinneadh taraimsiú an bhuiséad acmhainní a thomhas den chéad uair deich mbliana ó shin.

Ní raibh cúrsaí chomh holc céanna an t-am sin; is i mí Dheireadh Fómhair a thit Lá an Taraimsithe in 2006.

Ba ar an 13 Lúnasa a thit Lá an Taraimsithe anuraidh, rud a léiríonn go bhfuil cúrsaí imithe in olcas in achar an-ghairid.

Earth

I ráiteas a d’fhógair Gréasán Domhanda an Lorg Éiceolaíochta, dúradh go n-éilíonn daoine 64% níos mó acmhainní nádúrtha ón phláinéad ná mar a bhfuil sé de chumas aige athnuachan a dhéanamh orthu.

Bunaithe ar an dóigh a bhfuil muid ag maireachtáil anois, bheadh 1.6 Domhan de dhíth orainn chun a bheith inmharthana.

Dá mbeadh tíortha uile an Domhain ag maireachtáil mar atá muintir SAM, bheadh 4.8 Domhan ag teastáil uainn.

Bíodh sin mar atá, is féidir cúrsaí a chur ar mhalairt slí trí lorg na n-astaíochtaí carbóin a laghdú agus infheistiú a dhéanamh i gcumhacht ghréine agus ghaoithe.

Chuige sin, tá ábhar dóchais ar fáil i gCósta Ríce, ceann de na tíortha is ceannródaíche ar domhan i dtaobh fuinneamh in-athnuaite de.

In 2015, d’éirigh leis an tír bheag i Meiriceá Láir 99% den leictreachas a chothú ó fhoinsí in-athnuaite glasa.

Tá Gréasán Domhanda an Lorg Éiceolaíochta ag iarraidh ar shaoránaigh an domhain mhóir tacú le #PledgeForThePlanet, iarracht chun cúrsaí a fheabhsú trí níos lú feola a ithe, fuinneamh tí a laghdú, cur amú páipéir a laghdú agus teacht ar bhealaí ‘glasa’ chun taistil.

 

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Ar an drochuair, ní tharlaíonn rud ar bith go mbíonn géarchéim ann – go háirithe sa tír seo!