Ardú croí don Ghael Glas soiniciúil a bhí i gcaint Michael Cronin aréir

Is minic a chloistear, ó thús na diabhal paindéime, daoine ag gearán nach bhfuil cead acu bualadh lena gcairde i dtigh tábhairne suaimhneach éigin, cúpla pionta leanna a ól agus fadhbanna casta an domhain go léir a réiteach le chéile. Bíodh sin mar atá, is olc an ghaoth nach séideann do dhuine éigin, agus toisc go bhfuil gach aon chruinniú anois á chur i láthair ar Zoom, is féidir linn go léir éisteacht leis agus foghlaim ó na fíorshaineolaithe, seachas leis an raiméis ó Sheánaí Mór tar éis buicéad mór pórtair sa phub. 

Agus sin an fáth a raibh an Gael Glas féin ina shuí go deas compordach aréir, a bholg lán de bhia breá veigeánach agus buidéal beorach blasta de chuid Fhia Bán ina lámh aige, ag éisteacht leis an Ollamh iomráiteach Michael Cronin ag plé an ábhair ‘an dúshlán éiceolaíoch agus slánú na Gaeltachta.’

Is í seo an chaint is déanaí sa tsraith atá eagraithe ag Teacht Aniar, grúpa a bhfuil sé mar phríomhaidhm acu “sochaí na hÉireann a athréimniú trí fhorbairt chomhtháite, shóisialta, eacnamaíochta, éiceolaíoch, chultúrtha agus teanga” agus mar thuiscint acu “go bhfuil na brúnna céanna ar an éagsúlacht teanga agus cultúrtha is atá ar an mbithéagsúlacht agus ar an athrú aeráide.” 

Deir siad nach mór do mhuintir na Gaeltachta agus lucht labhartha na Gaeilge “a bheith páirteach sa ghluaiseacht éiceolaíoch shochaíoch seo.” Mar sin, tá grúpa oibre bunaithe acu (an ‘Aeróg Éiceolaíoch’) chun an ceangal idir an éigeandáil éiceolaíoch agus cúrsaí eacnamaíochta, cultúrtha agus sóisialta a shoiléiriú, agus ról na Gaeilge san fhadhb is práinní ar domhan a dheimhniú.

Sraith cainteanna faoi ‘theacht aniar na Gaeltachta’ go sonrach atá i gceist (seans maith gur chuala sibh an díospóireacht sna meáin i ndiaidh na chéad chainte le Conchúr Ó Giollagáin faoi  ‘smacht an Stáit, smacht ar strae’) agus is dócha gur sa Ghaeltacht is mó is féidir an ceangal sin idir an timpeallacht agus an teanga a fheiscint. Is Ollamh le Fraincis i gColáiste na Tríonóide é an Cróiníneach, agus scríobh sé an leabhar An Ghaeilge agus An Éiceolaíochtbliain go leith ó shin. 

Sa chaint seo, thug sé cur síos cuimsitheach ar na príomhphointí sa leabhar — an nasc idir an Ghaeilge agus an timpeallacht atá ann leis na cianta, an tráma éiceolaíoch agus teanga a d’fhulaing muintir na hÉireann de bharr coilíneachais agus an Drochshaoil, an idé nualiobrálach agus an tslí ina milleann sí an teanga agus an timpeallacht araon.

Ach leathnaigh an chaint chomh maith. Bhí roinnt plé faoi inbhuanaitheacht na teanga, faoi chultúr agus sláinte a chur i dtús áite sa tsochaí in ionad na heacnamaíochta, agus ar an tábhacht atá ag baint leis an ‘áitiúlachas’ agus a bheith ag maireachtaint go fadtéarmach in áit ar leith.

Ach is rud amháin é bheith ag féachaint siar, caithfimid aghaidh a thabhairt ar an todhchaí freisin. Cuireadh roinnt ceisteanna ar an Ollamh — is léir go bhfuil na fadhbanna céanna sa Ghaeltacht agus atá i ngach áit eile sa tír. Conas is féidir an t-ábhar a thabhairt isteach go dtí na scoileanna, agus boird stiúrtha ana-choimeádacha i gceannas orthu? Cén fáth nach bhfuil an éigeandáil aeráide lárnach i ngach aon eagraíocht sa tír, Údarás na Gaeltachta san áireamh.

Ní leor é a bheith mar “eireaball na muice” acu, i bhfocail an Chróinínigh. Bhí pointe maith ag duine eile nuair a dúirt sí gur as Béarla amháin a fheidhmíonn na heagraíochtaí móra timpeallachta in Éireann, agus nach bhfuil ach rogha teanga amháin ag daoine más mian leo bheith gníomhach leo. Tá sé ráite agam féin sa cholún seo gur cheart go mbeadh grúpa timpeallachta ann a úsáideann Gaeilge amháin- agus go mbeadh an grúpa sin dírithe ar an gcomhshaol amháin. Chabhródh gníomhaíochas aeráide le caomhnú agus cothú na teanga.

Gan dabht, de ghnáth is iad na ceisteanna ón lucht éisteachta an chuid is fearr de chainteanna mar seo, agus cé nach raibh a dhóthain ama againn an t-ábhar a phlé i gceart aréir, beidh painéil éiceolaíochta ag bualadh le chéile ar feadh uair an chloig ar an Déardaoin seo chugainn, díreach ar a seacht tráthnóna. 

Tá fáilte roimh chách, agus cé go bhfuil an tsraith dírithe ar an nGaeltacht agus ar phobal na Gaeltachta sa chéad áit, tá fadhb na haeráide agus na timpeallachta chomh hollmhór sin gur féidir linn go léir tairbhe a bhaint as. Is fíor nach leor uair an chloig, ach is tús maith é agus thug an líon mór daoine a bhí ag freastal air aréir ardú croí don Gael Glas soiniciúil seo. Mar sin, faighigí an bheoir, socraígí síos go breá compordach ar an tolg agus zoomáil isteach. Is féidir clárú anseo.