Coup de grâce do go leor teangacha a bheidh san athrú aeráide

Is minic a fheictear tráchtanna ar an tionchar a bheidh ag an éigeandáil aeráide ar an mbithéagsúlacht, ar an bpobal agus go deimhin ar chúrsaí eacnamaíochta ar fud an domhain. Ach tá saibhreas eile atá i mbaol de bharr na héigeandála aeráide agus is í sin an éagsúlacht teanga. Tá sé deimnithe go bhfuil thart at 7,000 teanga fós beo sa lá atá inniu ann agus tá sé tuartha nach mbeidh ach leath den mhéid sin fós againn ag deireadh na haoise seo.

Tá go leor de na teangacha siúd ar an dé deiridh cheana féin. Is iomaí cúiseanna atá freagrach as meath agus bás teanga – an coilíneachas, forbairt eacnamaíochta, fás an idirlín, an domhandú — agus is léir go dtabharfaidh an éigeandáil aeráide an ‘coup de gce’ do chuid acu, go háirithe teangacha in áiteanna cosúil leis an Afraic Thiar, an tArtach agus an Indinéis. 

Scriosfaidh an aeráid nua agus an aimsir mhillteach an córas feirmeoireachta agus iascaireachta agus na pobail atá ag brath orthu. Cruthóidh sé teifigh aeráide (rud atá ag tarlú cheana féin) — pobal teanga a bhí dlúth ach atá scartha ó chéile anois — agus méadóidh sé an brú uafásach atá ar sheachadadh mionteangacha ó ghlúin go glúin. 

Rud amháin atá suntasach ná go bhfuil an éagsúlacht is mo ó thaobh teangacha de le feiscint sna háiteanna ina bhfuil an bhithéagsúlacht is mó freisin — mar shampla an Afraic Thiar agus an Nua-Ghuine — agus deireann na saineolaithe go bhfuil an dá rud nasctha le chéile. 

Mar is eol do bheagnach gach aon duine a bhfuil cumas i níos mó ná teanga amháin aige, tugann gach teanga léargas faoi leith ar an domhan agus ar an saol. Bíonn coincheapanna agus focail ag mionteangacha ar phlandaí áitiúla agus ar iompar ainmhithe nach mbíonn go minic ag na mórtheangacha. 

Ón méid atá léite agam (agus caithfidh mé a rá ar an bpointe seo nach aon teangeolaí ná saineolaí mé féin) bíonn na teangeolaithe antraipeolaíocha ag díriú isteach ar an eolas seo chun é a chaomhnú — ní mar theanga bheo, ach chun é a leagan síos sula gcaillfear é ionas gur féidir linn úsáid a bhaint as amach anseo. Is maith an rud é sin cinnte, ach bheadh cumha de shaghas éigin ort mar sin féin ag smaoineamh ar bhás teanga, díreach cosúil le bheith ag smaoineamh ar dhíothú ainmhí.

Cad faoin ár dteanga leochaileach féin? De réir mo thuisceana níl mórán taighde déanta ar an tionchar a bheidh ag éigeandáil aeráide ar an nGaeilge. Díreach ar nós gach aon earnáil eile, is dócha go mbeidh baol agus deiseanna ann. 

B’fhéidir go bhfuil tuiscint éigin sa Ghaeilge a chabhróidh linn sna blianta amach romhainn — feictear go minic an meon sin gur cheart dúinn an Ghaeilge a úsáid chun ómós a thabhairt dár sinsir, agus chun tír ‘Cheilteach’ a samhlaíodh ar dtús ag deireadh an 19ú haois a athchruthú. Ach ní dóigh liom go bhfuil an meon sin oiriúnach — ní raibh athrú aeráide  chomh mór ann riamh agus atá i ndán dúinn, agus ní raibh taithí ag ár sinsir ná pobal in aon áit eile ar fud na cruinne ar a leithéid ó dheireadh na Oighearaoise. 

Ní bheidh na freagraí atá ag teastáil uainn le fáil má leanaimid ag féachaint siar ar ár n-oidhreacht amháin — chuirfeadh na hainseabhaithe a bhí amach ó Chorca Dhuibhne le déanaí an méid céanna iontais ar an Oileánach féin agus a chuir ar na hiascairí a rug orthu. 

Caithfimid aghaidh a thabhairt ar an todhchaí chomh maith, na réitigh a shamhlú as ár stuaim féin, agus feidhm a bhaint as gach rud chun domhan agus saol nua a chruthú – an Ghaeilge san áireamh, más féidir linn.

Agus sin an áit ina stadann mo smaointe fánacha faoi láthair – le ceist fhealsúnach. An bhfuil rud inmheánach sa teanga a chabhródh le daoine cosúil liomsa, foghlaimeoir, duine le Gaeilge mar dhara teanga, dul i ngleic go pearsanta leis an éigeandáil aeráide? 

Ba cheart dúinn smaoineamh air agus an comhrá a thosnú ar a laghad. Deir Michael Cronin sa leabhar An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht  go mbaineann “marthanas na timpeallachta le loighic fhrithfhóntaíocht….a thugann ómós d’ilghnéitheacht agus d’éagsúlacht,” agus nach féidir mar sin “cúis na heiceolaíochta a chosaint agus neamhaird a thabhairt ar an nGaeilge.”

Seans go bhfuil sé sin fíor agus gur leor é fiú —  go bhfuil fiúntas in éagsúlacht teanga, maraon le bithéagsúlacht. Dá luífimis isteach ar an nGaeilge ar a son féin, agus gan a bheith buartha fuithi mar ábhar fóntaíoch amháin, b’fhéidir go bhfaighimis dearcadh iomlán nua ar an saol. Cothaigh an teanga agus sábháil an domhan? Is maith liom é sin!