Droichead ‘a itheann’ truailliú
Beidh Barcelona níos glaise dá bharr

Déanfar athchóiriú ar dhroichead i lár Barcelona a chuirfidh ar a chumas truailliú san aer “a ithe”.

Tá El Pont de Sarajevo (Droichead Shairéavó) suite os cionn Avinguda Meridiana, ceann de na hascaillí móra i dtuaisceart na príomhchathrach Catalónaí.

Mar chuid de phlean forbartha cuirfear coincréit speisialta fóta-chatalaíoch (photocatalytic) ar an droichead a bhriseann aer truaillithe ina uisce agus ocsaigin.

Táthar ag súil go mbeidh tionchar dearfach ag an teicneolaíocht ghlas seo ar chomharsanacht an droichid agus go rachaidh an t-aer níos glaine chun sochair do chónaitheoirí áitiúla.

barcelona_sarajevo

Ní amháin go nglanfaidh an droichead truailliú den aer ach beidh sé iomlán féinleorga chomh maith le painéil ghréine chun soilse a lasadh.

Cuirfidh gairdín agus peargólaí bailchríoch ar an timpeallacht úr.

Tá teicneolaíocht cosúil leis seo in úsáid cheana féin i bPáras agus sa Róimh ach níl aon tionscnamh mór in Éirinn le coincréit fhóta-chatalaíoch go fóill.

Tá súil againn nach fada a bheidh sé amhlaidh.