Éire álainn ón aer
9 bpic leis an aerchór náisiúnta

Tá grianghraif nua dhochreidte eisithe ag Aerchór na hÉireann a léiríonn áilleacht na tíre seo ó chósta go cósta.

Eisíodh na pictiúir – a thóg Scuadrún 105 le míonna beaga anuas – ar leathanach Facebook an aerchóir ar an tseachtain seo caite agus tá muid an-bhuíoch dóibh dá bharr.

Ón bhliain 1922 tá sé mar dhualgas ag an scuadrún taifead a dhéanamh ar fhorbairt an stáit ón aer agus grianghraif tógtha acu thar na blianta de chluichí ceannais na hÉireann, fás agus forbairt na gcathracha, mórshiúlta agus agóidí éagsúla, agus go leor eile.

Cuirtear traenáil agus oiliúint ar leith ar bhaill an scuadrúin chun cuid de na pictiúir is faisnéisí agus is áille i stair an stáit a ghabháil.

Thíos, tá cuid de na cinn is ansa linn:


Aillte an Mhothair, Co. an Chláir

Aillte-an-Mhothair


Oileán Thoraí, Co. Dhún na nGall

toraigh


Faiche Stiabhna, Báile Átha Cliath

Faiche-Stiabhna


Cathair Chorcaí

corcaigh


Bearna Bhealach Sailearnáin, Co. Chill Mhantáin

bearna-sneachta


Gleann Dá Loch, Co. Chill Mhantáin

Gleann-Da-Loch


Dún na hArmlainne, Páirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath

Dun-Armlainne


Inis Oírr, Árainn

inis-oirr


Na Scealaga, Ciarraí

scealaga