Gaeltacht na Gaillimhe is mó i mbaol tuilte de bharr na héigeandála aeráide

Is í Gaeltacht na Gaillimhe is mó atá i mbaol tuilte de bharr na héigeandála aeráide de réir léarscáil de chuid na heagraíochta Climate Central. Léirítear ar an léarscáil leibhéal na farraige sa bhliain 2050 de réir mar atáthar a thuar faoi láthair. 

De réir na léarscáile, tá formhór an chósta in iarthar na Gaillimhe, mar a bhfuil an ceantar Gaeltachta is láidre sa tír, i mbaol mór a bháite. Dá dtiocfadh an tuar faoin tairngreacht seo, dhéanfaí oileáin d’áiteanna ar nós Ros an Mhíl, an Cheathrú Rua agus an Aird Thiar; bheadh i bhfad níos mó oileán i gCeantar na nOileán agus bheadh réimsí móra talún faoin bhfarraige in áiteanna eile ó Bhearna go Carna. Bheadh ceannáras RTÉ Raidió na Gaeltachta, calafort Ros an Mhíl, Ceardlann an Spidéil, agus Trá an Dóilín ar an gCeathrú Rua uilig faoin uisce.

Tá ceantair eile Ghaeltachta i mbaol freisin, de réir na léarscáile, ach fágann an talamh ard agus aillte in áiteanna ar nós Chorca Dhuibhne, na Déise, agus ceantair áirithe i nGaeltacht Thír Chonaill nach bhfuil an baol baileach chomh mór céanna sna háiteanna sin agus atá i nGaeltacht na Gaillimhe. An áit is mó i mbaol i dTír Chonaill ná Rann na Feirste agus Gaoth Dobhair – léirítear ar an léarscáil go mbeadh Aerfort Dhún na nGall ar an gCarraig Fhinn go huile is go hiomlán faoin bhfarraige chomh maith le cuid mhaith de cheantar Ghleann Cholm Cille. 

I nGaeltacht Mhaigh Eo is é baile Bhéal an Mhuirthead is mó atá i mbaol agus dhéanfaí oileán den Fhód Dubh agus Gaoth Sáile. Tá cosaint áirithe ann in Acaill ó ardú na bhfarraigí ach mar sin féin tá an chuid sin den oileán mór atá ina ceantar Gaeltachta i mbaol a báite. 

Is iad ceantair Ghaeltachta na Mumhan is fearr as agus cnoic agus aillte Chorca Dhuibhne ina sciath cosanta don chuid is mó den dúiche. Mar sin féin, tá an baile is mó ar an leithinis – an Daingean – i mbaol agus é á léiriú ar an léarscáil go mbeadh oifigí Údarás na Gaeltachta atá lonnaithe ar imeall an bhaile faoin uisce in 2050. Tá Baile an Sceilg i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh i mbaol ach is beag ceantar Gaeltachta eile ar an leithinis sin atá. 

Ar ndóigh ní call do mhuintir Mhúscraí a bheith róbhuartha faoi ardú na bhfarraigí go fóillín agus cosaint mhaith acu agus iad i bhfad ón bhfarraige agus ard go maith. Is amhlaidh an scéal do Ghaeltacht Ráth Chairn atá na mílte fada ó Mhuir Mheann. 

Is iad Climate Central a d’eisigh an léarscáil agus é bunaithe ar eolas a bailíodh ó irisí eolaíochta.