‘Níl neart agamsa ar an ola, leanfaidh mé orm le mo shoipín páipéir’

Seachtain ó shin a cuireadh an fharraige i Murascaill Mheicsiceo trí thine. Cé nach raibh an tine ar lasadh ach ar feadh cúig uair an chloig sular múchadh í, scaip na físeáin den bhladhm ar luas lasrach ar fud na meán sóisialta. 

Mar íomhá, níorbh fhéidir é a chreistint. Baineadh siar asam nuair a chonaic mé í. Bhí daoine á cur i gcomparáid le súil Sauron ó Lord of the Ring agus le Geataí Ifrinn.

Mura bhfaca tú an físeán atá i gceist agam, is éard a bhí le feiceáil ná tine mhór á dó ar chraiceann na farraige agus cheithre bhád á timpeallú, agus iad ag iarraidh í a mhúchadh. Is cosúil go mba éard a tharla ná gur sceitheadh ola ó phíblíne faoi thoinn, agus go mba é sin a lasadh.

Tá an t-ádh orainn nach níos measa a bhí sé. Níor gortaíodh aon duine sa timpist seo ach nuair a chuimhníonn tú ar an dochar a dhéanfaidh sé seo don chomhshaol, cé méid ainmhí mara a bheidh gortaithe nó maraithe ag an tubaiste seo, is cinnte gur uafásach an scéal é.

Shílfeá gurbh é seo an cineál rud a dhúiseodh duine agus a chuirfeadh brú ar rialtais ar fud an domhain rudaí a athrú. Is muid a scaip an scéal, agus is muid a bheidh thíos leis amach anseo.

Mo léan, níl an chuma sin air. Tá an físeán dearmadta cheana féin nó gar go maith dó. Cosúil le go leor físeáin eile a scaiptear go forleathan ar líne, déanfar dearmad le himeacht aimsire agus tiocfaidh físeán eile ina áit. Bogann daoine ar aghaidh (tuigim gur spéisiúla i bhfad cluiche sacair an Domhnaigh ná olagón faoin gcomhshaol agus ní le searbhas a deirim é sin).

Déanann mise mo chuid ar son an chomhshaoil. Ní haon Greta mé, ach caithfidh muid uilig ár gcuid a dhéanamh. Déanaim athchúrsáil, triailim gan rudaí a chur amú, ní úsáidim na soipíní plaisteacha. Ní shéanfaidh mé go bhféadfainn go leor rudaí eile a dhéanamh – ar nós éirí as an bhfeoil nó rudaí a cheannacht ar athlámh, ach caithfear tosaí in áit éigin.

Cuireann scéalta mar seo isteach orm. Nuair a tharlaíonn eachtra mar seo a bhfuil toradh tubaisteach air don phláinéad, tá sé deacair a bheith dóchasach go n-éireoidh linn stop a chur leis an róthéamh domhanda. Tá sé deacair a cheapadh go bhfuil mo chuid gníomhartha, pé beag atá siad, ag gabháil difríocht ar bith a dhéanamh nuair atá comhlachtaí agus na boic mhóra ag coinneáil orthu mar a bhí ariamh agus gan cuimhne ar bith acu ar an dochar atá á dhéanamh acu. Ar a bpócaí féin atá a n-aird siúd dírithe.

Is mó i bhfad an dochar a dhéanfaidh sceitheadh ola don chomhshaol ná soipíní plaisteacha. 

Ach níl mise in ann tada a dhéanamh faoin ola, mar sin leanfaidh mé orm le mo shoipín páipéir, a iompaíonn ina phuiteach i mo ghloine sula mbíonn mo dheoch críochnaithe agam, le súil is go gcabhróidh sé le turtar éigin amuigh san bhFarraige Mhór.