Nochtadh truailliú mo cheantair féin dom le linn na dianghlasála
An Gael Glas

Tá muid aon trian den bhealach tríd an dara dianghlasáil chrua anois agus cosc orainn dul níos faide ná cúig chiliméadar ón teach arís. Fágann sé sin go bhfuil nach mór gach ceintiméadar den 78.5km2 a thug Micheál Martin dom coicís ó shin siúlta agam. 

Is annamh a chaitheadh mé mórán ama sa cheantar máguaird, agus shiúladh mé na bealaí céanna arís agus arís eile — ag dul ar cuairt ag cara ag béal an bhóithrín nó chuig an siopa le buidéilín bainne a cheannacht. Na bóithríní, cúlbhóithre agus cosáin bheaga ní fheiceadh mé riamh. 

Ach ó mhí an Mhárta ar aghaidh tá eolas i bhfad Éireann níos fearr agam ar an áit ina maireann mé agus, mo léan, ar na fadhbanna móra truaillithe atá ann. Nós nua atá agam ó thús na dianghlasála ná an 10,000 céim sa ló a bhaint amach ar shiúlóid fhada timpeall an bhaile. Ní théann lá tharam nach bhfeicim bruscar de chineál éigin ar thaobh an bhóthair, sna crainnte, ar snámh sa bhfarraige nó ar ghrinneall na habhann. 

Shíl mé i gcónaí go raibh Éire glan go leor mar thír, ainneoin corráit anseo is ansiúd a bhíonn buailte go dona ag an truaillíocht, ach ba oscailt súl í an dianghlasáil. Tá an bruscar ar fud na háite, agus go leor de arbh fhéidir a athchúrsáil saor ó chostas. 

Bhí uafás agus alltacht orm nuair a bhí mé an snámh sa bhfarraige lá agus chuaigh i bhfostú i píosa mór plaisteach a bhí ar bharr uisce — clúdach a bhí timpeall ar theilifís nó ball mór troscáin is dóigh. Mo sheacht dtrua na hainmhithe agus éin bhochta mhara a chuireann suas lena leithéid gach uile lá. 

Bheartaigh mé rud éigin a dhéanamh faoi. Chonaic mé ar chlár fógraí an phobail go mbíonn ‘Glantachán na Míosa’ ann — lá a thagann daoine as an áit le chéile agus a ghlantar idir bhóithre, thránna, gharrantaí, agus áiteanna eile ar fud an cheantair. 

Níor theastaigh uaim a bheith i gcomhluadar daoine eile ar an gcaoi sin agus muid faoi na srianta is déine dianghlasála, cé nach bhfaighim locht ar bith ar na daoine sin a ghlacann páirt i nglantachán an phobail — tá mé cinnte go gcloítear go docht le moltaí an rialtais maidir leis an scaradh sóisialta agus araile. 

Mar sin féin, tá mé níos compordaí asam féin. Le coicís anuas, tá mé tar éis cúpla mála a líonadh le cannaí, buidéil agus ábhar eile is féidir a chaitheamh sna boscaí móra ag an ionad athchúrsála. Is beag an méid é, dáiríre, ach is ‘rud le déanamh’ é i gcaitheamh na dianghlasála agus airím go bhfuil cúnamh beag á thabhairt agam don chomhshaol. 

Is féidir teaghmáil a dhéanamh le comhairlí contae agus cathrach i roinnt mhaith contaetha a thabharfaidh málaí speisialta duit le bruscar a bhailiú. Tá rialacha éagsúla ag gach contae maidir leis na málaí bruscair seo, agus ní chuireann cuid acu ar fáil iad ar chor ar bith, agus is fiú an scéal a fhiosrú le do Chomhairle féin. 

Is duine mé a thugann faoi deara é nuair nach mbíonn áit glan agus is minic a cháin mé bailte agus tíortha eile mar gheall ar bhruscar. Mór mo náire nuair a nochtadh truailliú mo cheantair féin dom le linn na dianghlasála.