Stádas dleathach daonna bronnta ar abhainn
Cinneadh stairiúil sa Nua-Shéalainn

Den chéad uair riamh i stair na cruinne tá cearta daonna bronnta ar abhainn.

Rith parlaimint na Nua-Shéalainne bille an tseachtain seo a thug stádas dlíthiúil don abhainn Whanganui i dtuaisceart na tíre a chuireann ar comhchéim é, de réir dlí, leis an stádas a bheadh ag duine daonna nó ag comhlacht corpraithe.

Tá meas ar leith ag na Maoraigh ar an Whanganui (Abhainn an Chuain Mhóir) agus tá siad ag troid le 160 bliain chun aitheantas speisialta a bhaint amach don abhainn.

“Seans go gceapfaidh daoine áirithe gur aisteach an rud é pearsantacht dhleathach a thabhairt d’acmhainn nádúrtha ach níl sé pioc níos aistí ná an stádas a bhíonn ag iontaobhais teaghlaigh, comhlachtaí agus cumainn chorpraithe,” arsa an tAire Idirbheartaíochta Chris Finlayson.

As seo amach déanfaidh beirt – duine amháin ón treibh áitiúil Mhaorach agus duine eile ón stát – ionadaíocht ar son na habhann agus é i gceist acu go gcabhróidh an stádas nua le timpeallacht na habhann a chosaint.

“Tá tábhacht ar leith ag an Whanganui do na daoine arb as an abhainn iad, na daoine a chónaíonn ar an abhainn,” arsa an feisire Maorach Adrian Rurawhe.

“Tá nasc idir sláinte na habhann agus sláinte an phobail mar sin tá sé iontach go bhfuil féiniúlacht an Whanganui anois aitheanta go dlíthiúil.”

Beidh pobail dhúchasacha agus eagrais timpeallachta i ndóchas anois go n-osclóidh an cás seo in Aotearoa doirse dá leithéid de stádas bheith bronnta ar acmhainní nádúrtha in áiteanna eile ar fud an domhain.