‘Tá géarghá ann grúpa aeráide Gaeilge a bhunú’
An Gael Glas

Is minic a chloistear daoine ag rá ar mhaith leo rud éigin a dhéanamh faoin éigeandáil aeráide ach go bhfuil an fhadhb chomh mór sin nach féidir leo a shamhlú conas a thosóidís. Cuirfidh mé mo smaointí pearsanta i láthair thíos, ach déarfaidh mé rud amháin ar dtús — is é an gníomhachas an tslí is fearr chun dul i ngleic leis an mbuairt aeráide. 

Feictear dom go dtugann eachtraí faoi leith spreagadh do dhaoine ballraíocht a ghlacadh i ngrúpaí feachtasaíochta. Tá sé sin fíor i mo chás féin ar aon nós. Chuaigh mé isteach i mó chéad ghrúpa aeráide i ndiaidh na praisí a rinneadh den chomhaontas aeráide in København in 2009, agus d’éirigh mé níos gníomhaí arís tar éis bhua an Trumpaigh i Meiriceá in 2016. 

Ach spreagann eachtraí dearfacha níos mó daoine, sílim — beidh an fear úd imithe go luath agus má éiríonn le Biden meon na Meiriceánach a athrú agus gluaiseacht ghlas a thosnú i gceart, níl teorainn leis an méid daoine a bheidh sásta tacaíocht a thabhairt.

Is iomaí slí gur féidir obair stocaireachta a dhéanamh — mar dhuine aonair, nó mar bhall de ghrúpa feachtasaíochta nó de pháirtí polaitíochta. Ní hionann gníomhachas agus bheith ceangailte le claí nó ag streachailt le clúdach aghaidhe ort i gcoinne na bpóilíní. Tá sé feicthe againn go minic cheana féin gurb é an focal ciúin sa bhaile an tslí is cumhachtaí chun intinn a athrú, cuirim i gcás an reifreann faoin Ochtú Leasú. Ní gá duit aon rud a dhéanamh seachas comhrá a thosú le do theaghlaigh agus do chairde —  “cad a cheapann tú faoin éigeandáil aeráide, táim féin beagáinín buartha fúithi” agus leanúint ar aghaidh.

Is cuma freisin cén áit ina bhfuil tú ag obair nó ar scoil, bí cinnte go bhfuil daoine eile ann atá ar aon intinn leat faoin éigeandáil aeráide. Is é mo thaithí féin go bhfuil go leor daoine ann ar mhaith leo tacaíocht a thabhairt ach atá ag fanacht le duine eile chun tús a chur leis. Cuir suas fógra, nó seol ríomhphost agus tarraing iad le chéile chun brú a chur ar an gcomhlacht díriú mar is ceart ar fadhbanna timpeallachta. 

Go deimhin, bíonn sé sin níos tábhachtaí in earnálacha áirithe, ach níl dabht ar bith ach go gcuirfidh an éigeandáil aeráide isteach ar gach aon chuid den saol amach anseo, agus caithfimid go léir bheith réidh, daoine aonair agus comhlachtaí araon.

Tá go leor grúpaí náisiúnta agus idirnáisiúnta ann, leithéidí Friends of the Earth, Extinction Rebellion, Greenpeace agus araile. Molaim ceann amháin ar a laghad a roghnú agus ballraíocht a ghlacadh leis, ní go díreach chun a bheith gníomhach leo (is féidir leat é sin a dhéanamh gan dabht) ach is é sin an bealach is fearr chun eolas a fháil faoi imeachtaí, chruinnithe, agóidí agus mar sin.

Is sa pholaitíocht a bheidh an réiteach ar an éigeandáil aeráide, nó an teip, mar is fadhb pholaitiúil í i ndeireadh an dála. Is jab ana-chasta é aon jab a bhaineann le cúrsaí polaitíochta — ní foláir do bhaill glacadh le cinntí an pháirtí agus is minic nach réitíonn siad lena meon pearsanta. Sin an pholaitíocht — comhréiteach agus comhoibriú — agus gan aon rannpháirtí a bheith go hiomlán sásta. 

Ní bheinn féin in ann é a dhéanamh, tá sé níos éasca domsa bheith mar iománaí ar an gclaí agus iad a mholadh nó a cháineadh de réir mar a chloíonn siad le mo thuairimí féin, agus tuairimí an ghrúpa ina bhfuilim gníomhach. Ach más mian leat léim isteach sa pholaitíocht, déan é agus déan iarracht gach cinneadh páirtí a chur trí lionsa na héigeandála aeráide.

Mar fhocal scoir, cad faoin nGaeilge agus athrú aeráide. Tá sé léirithe go breá soiléir i leabhar de chuid Michael Cronin, An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht, gurb ionann na fórsaí agus na meoin atá ag scriosadh na timpeallachta agus atá freagrach as meath na teanga, ach faraor, ní thugann sé aon réiteach.

Níl aithne agam féin ar aon ghrúpa aeráide ag feidhmiú as Gaeilge amháin, agus sílim go bhfuil géarghá ann ceann a thosú. Is maith an rud é an domhan a shábháil ach bheadh sé i bhfad Éirinn níos fearr é a dhéanamh go deas Gaelach!