Tús á chur anocht le sraith cainteanna ‘An Ghaeltacht Faoi Bhláth’

Cuirfear tús anocht le sraith nua cainteanna faoin ngarraíodóireacht agus an dúlra dar teideal ‘An Ghaeltacht Faoi Bhláth’ ar líne. As seo go lár mhí na Bealtaine, beidh saineolaithe éagsúla garraíodóireachta agus dúlra ag roinnt a gcuid saineolais i gceardlanna a bheith á reáchtáil ar líne. 

Anocht is é an garraíodóir aitheanta as Tír Chonaill Dónall Ó Cnáimhsí, a oibríonn i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha i nGaeltacht Dhún na nGall, a bheidh i mbun na cainte agus é ag labhairt faoin téama ‘An Gairdín san Earrach’. 

I measc na saineolaithe eile Gaeltachta a bheidh ag glacadh páirte sa tsraith nua seo beidh Aonghus Chóil Mhaidhc as Indreabhán a bhfuil clú agus cáil air mar gheall ar a ‘Garraí Glas’ ar thaobh Bhóthar Chois Fharraige. Beidh Aonghus, a bhíonn chláracha éagsúla ar TG4 agus RTÉ RnaG go minic ag roinnt a chuid saineolais maidir le fás glasraí.

Beidh Mairéad Ní Lionáird ón gcomhlacht Gaeltachta Folláin i Múscraí ag labhairt faoi luibheanna agus an beachaire as Gaeltacht Ráth Chairn Simon Ó Cróinín ag caint faoin ‘nGairdín Fiáin’.

Ar na hábhair eile a bheidh faoi chaibidil ag leithéidí Áine Uí Dhomhnaill, Darach Ó Murchú, Joe Ó Beirn agus Deirdre Ní Bhraonáin beidh ‘Plandaí Dúchais’, ‘ Crainn Dúchais’, ‘An Gairdín Cois Farraige’, ‘Éin i do Gharraí’ agus ábhar eile nach iad. 

Is iad na hOifigigh Pleanála Teanga a d’eagraigh an tsraith cainteanna seo agus ní mór teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach áitiúil le clárú.