VÓTA: Cé acu is fearr libh don ghreamán frith-núicléach?


Tá cumhacht núicléach ar ais sna ceannlínte le déanaí tar éis gur tháinig sé chun solais go bhfuil ceisteanna móra sábháilteachta faoi Sellafield, stáisiún núicléach i gCumbria Shasana nach bhfuil ach 125km ó chósta na hÉireann.

Ar a bharr sin chruthaigh rialtas na Breataine tuilleadh conspóide ar an ábhar nuair a d’fhógair siad seachtain go leith ó shin go bhfuil sé i gceist acu ionad ollmhór núicléach a thógáil i Somerset, a bheas ar an chéad cheann sa Bhreatain le 20 bliain agus gan é ach 245km ó Loch Garman.

Is léir dúinn ar fad go bhfuil foinsí fuinnimh nach mbraitheann ar charbón de dhíth orainn ach, i bhfianaise thubaiste Fukushima sa tSeapáin agus an iliomad contúirtí a d’fhéadfadh eascairt ó ábhar núicléach, bheadh an cine daonna i bhfad níb fhearr as dá ndíreodh muid ar theicneolaíochtaí nach ndéanann damáiste ar bith don aon phláinéad amháin seo atá againn.

Tá go leor taighde ann a thugann le fios gur féidir le fuinneamh in-athnuaite an domhan ar fad a chumhachtú inniu ach an toil pholaitiúil bheith ann chuige.

Tá muid anseo ag NÓS iomlán ar son tuilleadh fobartha agus infhéistíochta a dhéanamh i bhfuinneamh glas agus i gcoinne polasaithe a spreagann úsáid cumhachta núicléiche, atá contúirteach, seanaimseartha agus costasach.

Bhí pobal na Gaeilge i gcónaí gníomhach san fheachtas frith-núicléach agus sna 70í dearadh cúpla leagan Gaeilge de lógó clúiteach na gluaiseachta, ‘An Ghrian Ghealgháireach’.

Ar shuíomh oifigiúil an lógó áfach tá botún litrithe sa leagan Gaeilge atá ar díol ann agus tá an focal ‘adamhach’ (atomic) in úsáid in ionad an fhocail níos coitianta, ‘núicléach’ nó fiú ‘eithneach’.

Dá mbeadh na Gaeil chun frása cothrom le dáta le bheith againn mar sin, cén ceann a roghófá féin?

Cuir do bharúil in iúl anseo thíos agus socróidh muid é le muintir an fheachtais oifigiúil!

  • Seanán Ó Coistín

    Ní mian linn cumhacht eithneach! Is fearrde sin ná gach ceann eile thuas.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Sé laghdú ar úsáid (nó mí-úsáid) fuinnimh atá de dhith ar fud na cruinne. Tá truailliú na spéire a thagann ó shoilse sráide anois dochreidthe – agus is beag duine a bhíonn ag siúl ar shráideacha nó chóir mótarbhealtaí sa lá atá inniu ann. Bíonn an ‘Uair Domhanda’ a tharlaíonn ar fud na cruinne i mí Márta ag díriú ar seo achan bhliain. Feachtas a thosaigh san Astráil ach atá anois ar fud na cruinne. Múch do chuid soilse agus treallamh leictreach neamhriachtanach ar feadh uair a chloig le aird a tharraingt ar úsáid fuinnimh a laghdú. (Dála an scéil tá na hÉireannaigh agus a bhfeactas ‘glas’ ar Lá ‘le Pádraig ag teacht salach ar an Uair Domhanda seo anois nuair atá séadchomharthaí ar fud na cruinne á lasadh le soilse glas chun aitheantas a thabhairt don ‘fhéile Éireannach’ seo ar fud an domhain. Amaidí.) Dírigh ar fhoirgnimh agus áiteacha cónaithe a thógáil nach n-úsáideann fuinneamh ar bith. Bíodh dín féir ar áiteacha cónaithe agus fuinneogaí dín orthu. Bíodh dearadh iomlán malartach ar fhoirgnimh agus modhanna malartacha tógála, inbhuanaithe á n-úsáid don todhchaí.