Gafa i nGéibhinn
tuairisc ó champa teifeach sa Ghréig

“Mar Éireannach, smaoinigh ar Electric Picnic ach gan aon cheol, deoch ná sult, agus nach thig leat imeacht. Príosúin is ea iad.” Tá Ian Mac Murchaidh ag obair go deonach thall i gcampa na dteifeach ag stáisiún peitril Eko, gar go Polykastro sa Ghréig agus tugann sé léargas dúinn faoi chruachás na ndaoine atá gafa i ngéibhinn. 


Tá na mílte, mílte teifeach i gcampaí anseo ar an teorainn idir an Ghréig agus an Mhacadóin.

Is i gcampa ag an stáisiún peitril Eko, gar don bhaile Polykastro atá muidne lonnaithe faoi láthair.

Tá tuairim is 2,000 duine ann, ach tá neart campaí eile – campa míleata fiú – leis na céadta nó mílte duine iontu.

Tá sé deacair mar Éireannach an cruachás seo a shamhlú ach smaoinigh ar Electric Picnic ach gan aon cheol, deoch ná sult agus nach thig leat imeacht.

Príosúin is ea iad.

Chuaigh mé anonn den chéad uair ag taifeadadh ar son na carthanachta Island to Island i dteannta Carmel Nic Airt, oibrí deonach.

Tháinig mé ar ais mar bhí am saor agam agus bhí mé ag iarraidh cuidiú leis na hoibrithe deonacha chun bia agus éadach a dháileadh.

BOOM

Tá cabhair dhaonnúil ag teacht ó Chorcaigh, éadaí, bróga, cliabháin, púdar bainne do leanaí agus rudaí eile den chineál sin.

‘Ó Chorcaigh le Grá’ scríofa ar go leor boscaí.

Is maith ann iad.

Níl an dara léine ag na daoine seo, an dara gúna ná péire bróg.

Tá siad fós sna héadaí a chaith siad ar na báid a chuir a saolta i mbaol agus iad ag teitheadh.

Ach tá riachtanais eile orthu, cúram sláinte ó dhochtúirí, dochtúirí meabhairshláinte san áireamh, níl ann ach oibrithe deonacha don fhormhór.

I ndiaidh do na daoine seo an Eoraip a bhaint amach, ní mhaireann an eofóiria i bhfad.

Mura bhfuil na daoine ag bogadh tagann fadhbanna meabhairshláinte chun cinn.

Bhí buamaí feicthe acu, agus a muintir caillte.

Tá daoine ann ar leathchos, ar leathlámh i ndiaidh an chogaidh sa tSiria.

Seo daoine gafa ar an teorainn ag iarraidh bogadh ar aghaidh go dtí an Ghearmáin.

Teifigh ag teitheadh ó fhoréigin agus atá ag cuardach saoil eile dóibh féin agus dá gclann.

Tá fíorbheagán cabhrach á fháil acu ón rialtas nó ón Aontas Eorpach.

Taifeadadh an físeán thuas ag campa Idomeni cúpla seachtain ó shin.

Insíonn Carmel scéal teaghlaigh amháin as an tSiria nach bhfuil glacadh lena bpasanna ná lena gcuid páipéarachais mar gur as cathair iad a bhfuil Isis i réim sa tír.

“Ní féidir leo dul ar aghaidh agus ní féidir leo dul ar ais” a deir sí.

Tá campa Idomeni dúnta anois agus na teifigh a raibh ann curtha go campaí míleata ar shiúl ón teorainn.

Mothaíonn Carmel go bhfuil an dóchas imithe.

Roimhe seo bhí dóchas ann go n-osclófar an teorainn – bhí ráflaí ann gach lá go mbeadh sé oscailte.

Ach tá an dóchas sin imithe.

Sconsa

Dá mbeadh 5 rud le rá agam do dhaoine faoi mo sheal sa Ghréig, seo iad:

1. Dá dtuigfeá a dteanga, thuigfeá an fhulaingt mar is ceart.

2. Níl a leithéid de rud ann is cearta daonna sa Aontas Eorapach. Is minic go mbíonn muid ag éileamh cearta ar ábhar éagsúla san AE ach má tá craiceann níos dorcha ort, nó nach Críostaí thú, níl cearta agat.

3. Oscail an teorainn anois.

4. Tá laochra ár linne inár measc, tagann ceannairí chun cinn in aimsir na géarchéime, ina measc Carmel agus Mohammed, an t-athair a bhrúigh a iníon ar chathaoir rothaí an bealach ar fad ón tSiria.

5. Caithfimid gníomh a dhéanamh anois, tá géarchéim ann. Caithfear brú a chur ar pholaiteoirí sa bhaile níos mó teifeach a ghlacadh isteach go hÉirinn agus isteach san AE go ginearálta. Níos fearr arís, má tá am agat airgead a bhailiú agus teacht amach anseo, déan amhlaidh.


Beidh Ian Mac Murchaidh agus Carmel Nic Airt i mbun cainte le Rónán Mac Aodha Bhuí ar a chlár ar RTÉ Raidió na Gaeltachta tráthnóna inniu idir 3-4.