Is bunchloch í an reachtaíocht teanga

Leis na scórtha blianta anuas, tá reachtaíocht teanga a chosnaíonn agus a chuireann teangacha mionlaigh chun cinn á cur i bhfeidhm go rathúil ag stáit éagsúla ar fud na hEorpa. Is bunchloch í reachtaíocht teanga a thugann bunús dlí don athneartú teanga trí chéile. Tá reachtaíocht teanga ríthábhachtach ag aon stát a bhíonn i mbun bainistíochta go gníomhach ar an éagsúlacht teangacha sa stát sin. Tá a leithéid de reachtaíocht teanga iontach tábhachtach fosta ag aon phobal teanga atá ag obair lena theanga féin a athghiniúint.

Bíonn na saineolaithe ag trácht ar na trí cholún a bhaineann leis an chleachtas is fearr maidir le cothabháil teangacha — an teaghlach agus an pobal, an córas oideachais, agus an stát.

“Nuair a ghníomhaíonn siad triúr i gcomhar leis an teanga is lú labhairt a dhaingniú, is cinnte gur mó i bhfad a thig an teanga sin a neartú san fhadtréimhse agus páirt phoiblí áisiúil sa tsochaí a fháil don teanga. Nuair is lag é ceann amháin nó níos mó de na cuaillí taca seo is baol do bheocht fhadtréimhseach na teanga. I sochaithe forbartha, glactar anois leis go bhfuil reachtaíocht teanga ina nasc riachtanach leis na cuaillí seo lena chinntiú, nó lena éascú cibé, go n-úsáidfear an teanga ar a ndéantaí leatrom i limistéir úra,” a dúirt an tOllamh Colin Williams agus é ag tacú le moltaí POBAL d’Acht Gaeilge.

Tá ceithre ghné riachtanacha leis an phróiseas athghabhála teanga: reachtaíocht teanga, pleanáil teanga, acmhainní eacnamaíochta, agus – an ghné a spreagann an chuid eile – suim agus tacaíocht an phobail.

Bíonn reachtaíocht teanga mar bhunchloch leis an athghabháil agus mar fhoinse cumhachta di sna réimsí éagsúla ina mbíonn an teanga in úsáid. Tugann reachtaíocht teanga bunús dlí faoi choinne nithe éagsúla: forbairt oideachasúil, soláthar seirbhísí poiblí, soláthar na meán cumarsáide agus an ceart ar úsáid a bhaint as an teanga i gcomhthéacsanna éagsúla.

Is é an bhunaidhm atá le reachtaíocht teanga an teanga mionlaigh a normalú ionas gur féidir le lucht a labhartha gach gné dá saol a chur isteach sa teanga sin.

Tá forbairt déanta ar reachtaíocht teanga i dtíortha éagsúla ar fud na hEorpa. Tá conarthaí idirnáisiúnta glactha agus curtha i bhfeidhm chomh maith, ina measc Cairt na Comhairle Eorpaí um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, Creat-Choinbhinsiún um Mionlaigh Náisiúnta na Comhairle Eorpaí, agus dréachtú Phrótacal Donostia le Cearta Teanga a Chinntiú.

Tá feidhm leis na hAchtanna Breatnaise agus leis an Bheart Breatnaise a tháinig ina ndiaidh, in 2011, chun an méid seo a leanas a chinntiú: stádas oifigiúil ag an Bhreatnais, stádas comhionann leis an Bhéarla, an ceart ar an Bhreatnais a úsáid i gcomhthéacs seirbhísí earnála poiblí, agus Coimisinéir Teanga le cearta teanga a chinntiú.

Tá Achd na Gàidhlig 2005 ann. Faoin Acht sin, tá an Gàidhlig mar cheann de theangacha oifigiúla na hAlban agus léirítear “an meas céanna” uirthi agus a léirítear ar an Bhéarla. Bunaíodh Bòrd na Gàidhlig faoin acht seo fosta agus soláthraíonn an t-acht creat faoi choinne ceapadh pleananna Gàidhlig ag na húdaráis phoiblí in Albain.

Lena chois sin, tá reachtaíocht teanga na Catalóinise, na Bascaise, na Gailísise agus na Freaslainnise ag cur leis an athghiniúint. Cinntíonn ná dlíthe sin gur féidir úsáid a bhaint as na teangacha sin agus tá siad mar bhunchloch dhlíthiúil leis na samhlacha éagsúla oideachais. Tugann athneartú teanga a bhfuil reachtaíocht mar chrann taca leis buntáistí éagsúla agus luach breise don phobal.

Ar deireadh, téann reachtaíocht teanga i ngleic leis na mórcheisteanna lárnacha atá ann le fada an lá i dtaca le cearta sóisialta agus le cearta daonna do mhionlaigh náisiúnta agus do mhionlaigh teanga san Eoraip agus ar fud an domhain.

Tá an t-alt seo bunaithe ar chaint a tugadh ag an gComhdháil Idirnáisiúnta ar Reachtaíocht Teanga a reáchtáladh i mBéal Feirste ar an 14 Márta 2018.