Litir Lá Fhéile Vailintín d’Arlene

A Arlene, a chuisle mo chroí,

Ó, a stór! Seo an lá mór! Lá Fhéile Vailintín!

Faoi dheireadh tá de mhisneach agam an litir Vailintín seo a chur chugat anois, nó is iomaí uair a thug mé faoi dhul i mbun pinn ach níor éirigh liom peann a chur le pár ar eagla go ndiúltófá dom — agus gach seans go ndiúltófá tráth dá raibh, óir tá a fhios againn beirt go raibh an turas seo eadrainn corrach achrannach.

An chluas bhodhar agus an tsúil chaoch sin a thug tú dom le blianta móra fada fuara.

Le fírinne shíl mé nach mbeadh i mo ghrá-sa ach dúil gan fáil.

Ach bhí a fhios agam go dtiocfadh an lá a dtiocfadh ciall agat. Agus nach maith mar a tháinig?

Is cuimhin linn beirt is dócha, agus is cinnte nach ndéanfaidh mise dearmad ar an bhronntanas sin a thug tú dom cúpla bliain ó shin. Ba mhór agam é i ndáiríre. Ba tú a chaith cúram leis an bheart – é faoi pháipéar beartán galánta, sreangán dearg agus do pheannaireacht chúramach ghrámhar. Is ansin a thuig mé go raibh rud éigin speisialta eadrainn, an lá úd sin ar thug tú mo bhronntanas Nollag dom an 23 Nollaig 2016.

Ní raibh léamh ná scríobh ná insint béil (i nGaeilge, i mBéarla ná in Ultais, ar ndóigh) ar an tógáil croí a bhain mé as sin.

Agus mar is eol duit, tá mé ar mo dhícheall ó shin i leith mo ghrá duit a fhoilsiú duit féin agus don saol mór.

Chuir mo chairde teachtaireachtaí chugat ar mo shon – ar Twitter, ar Facebook, ar na meáin go léir.

Chan siad agus scairt siad chugat i sean-ard a gcinn díreach lasmuigh de do theach ar an chnoc ag iarraidh labhairt leat agus an chéad ‘date’ a bheith againn le chéile.

Admhaím gur aisteach an rud é baicle cairde stocaireacht stócaigh a dhéanamh, ach creid nó ná creid tá siadsan chomh tógtha céanna faoinár gcumann agus atá mise!

Agus féach toradh na hoibre sin! Is beag a shíl mé lá den saol go mbeannófá dom fiú, ach nach amhlaidh a thosaigh tú a thabhairt ainm ceana orm, nó ainm peata más cirte dom a rá!

Anois, ní hé an crogall an chéad samhail a thabharfainn dom féin caithfidh mé a rá. Nár rith maorgacht na heala leat, nó uaisleacht an iolair, nó téagar agus státúlacht an leoin féin, rí na n-ainmhithe.

Ach a leithéid d’amaidí a bhí ag cur as dom! Tuigim anois nach raibh uait ach a chur in iúl dom gur tháinig ann don chrogall 240 milliún bliain ó shin agus go raibh “an uimhir dhé, is an modh foshuiteach, is an tuiseal gairmeach ar bhéalaibh daoine” chomh fada céanna beagnach.

Mo bhronntanas! M’ainm ceana! Nach orm atá an t-ádh, agus mura miste dom a rá, an t-ádh dearg orm.

Ach aithním nach bealach aontreorach é aon chaidreamh maith agus gurb olc an teist ormsa mar chéile gan bronntanas a thabhairt duitse ar an lá speisialta seo.

Agus seo agat é mo bhronntanas go deo na ndeor – ní an teanga seo leath-liom, ná an teanga seo leath-linn ach oiread, ach an teanga seo linne. Linne ar fad.

Le grá buan,

Do Chrogall Croí.