Más teanga sheanchaite í an Laidin
céard é an chéad ábhar eile ar liosta an rialtais?

Tá an tuairim choitianta ann nach bhfuil sa Laidin ar scoil ach ‘aclaíocht intinne’, teanga a oireann dóibh siúd a bhfuil claonadh láidir acadúil iontu ach thairis sin nach bhfuil aon fheidhm phraiticiúil aici don lá inniu. Toisc gur i scoileanna príobháideacha a mhúintear í de ghnáth, ceaptar nach bhfuil inti ach caitheamh aimsire don uasaicme.

Seans gurb é sin an chúis nach bhfuil aon aird á tabhairt ar an gcinneadh a rinne an Roinn Oideachais céim síos a thabhairt don Laidin agus do na hábhair chlasaiceacha eile sa ‘tSraith Shóisearach’ nua atá le tabhairt isteach an bhliain seo chugainn.

Múinfear ábhar amháin dar teideal ‘na Clasaicí’, trí ábhar chlasaiceacha a sheas leo féin go dtí seo: an Ghréigis, an Laidin agus an Léann Clasaiceach. Is é is dóichí go gcuirfear deireadh leis an Laidin mar ábhar scoile luath nó mall, mar ní bheidh sa teanga ach cuid bheag den ábhar nua, rud a fhágann nach mbeidh dóthain Laidine ag daltaí chun leanúint leis an teanga ar ardchaighdeán don Ardteist.

Léiríonn an cinneadh sin meon cúngaigeanta agus tarcaisniúil na Roinne Oideachais i leith na n-ábhar nach bhfuil ‘feidhm phraiticiúil’ leo. Tá sé á rá le fada ag múinteoirí Laidine go bhfuil doicheall ag an Roinn i leith na teanga toisc gur iarsma í den seanchóras oideachais.

Níl an Laidin ag teacht le ‘scileanna an 21ú haois’ atá á gcur chun cinn ag an Roinn. Tá an tAire Oideachais, Richard Bruton, ar a dhícheall ag cur códú agus ríomheolaíocht chun cinn, ach tá pearsana móra i ndomhan na teicneolaíochta anois ag rá gur cur amú ama é na hábhair sin a fhoghlaim toisc go dtéann an méid a mhúintear iontu as dáta chomh tapa sin.

Is trua go bhfuiltear ag tabhairt ísliú céime don Laidin. Is eochair í an Laidin a osclaíonn stair na bhfocal do dhaltaí, rud a mhéadaíonn ar a dtuiscint ar an bhfocal scríofa, is cuma cén aicme shóisialta lena mbaineann siad.

Deirtear gur teanga mharbh í an Laidin ach bíonn sí mórthimpeall orainn gach lá. Tóg, mar shampla, ‘AM’, ‘RIP’, agus ‘e.g.’. Seasann AM do ‘ante meridiem’, roimh an meán lae. Ní sheasann RIP do ‘Rest in Peace’ ach do ‘requiescat in pace’. Is éard is brí le ‘e.g.’ ná ‘exempli gratia’ nó ‘mar shampla’.

Cén mhaith do dhaltaí an cineál sin eolais a bheith acu? Bhuel, tagann formhór na dtéarmaí acadúla atá againn sa Ghaeilge agus sa Bhéarla ón Laidin agus ón nGréigis. Caitheann fréamhacha na bhfocal solas ar an gciall atá acu. Tagann an focal ‘democracy’ ó dhá fhocal Gréigise, demos ‘pobal’ agus kratein ‘rialú’.

Is maith an modh teagaisc é díriú ar an tsanasaíocht: is mó seans go gcuimhneoidh daltaí ar fhocail má insímid scéalta sainiúla fúthu. Ach is iondúil nach ndéantar ar scoil ach sainmhínithe an fhoclóra a roinnt nó comhthéacs abairte a thabhairt seachas fréamhacha na bhfocal a phlé. Ní gá go mbeadh eolas ag múinteoir ar na teangacha ársa chun sanasaíocht na bhfocal a úsáid mar mhodh teagaisc, ach is mór an sochar dóibh é má tá.

Rud eile gur fiú a lua ná go dtugann an Laidin bunús gramadaí agus foclóra do dhaltaí a chabhraíonn go mór leo tabhairt faoi nuatheanga ar nós na Fraincise.

Ba cheart dúinne ar fad cur i gcoinne an mheoin fhrith-chultúrtha a léiríonn cinneadh seo an rialtais cúl a thabhairt don Laidin. Más fíor gurb é plean an rialtais ábhair níos ‘praiticiúla’ ar nós na ríomheolaíochta a chur in áit na n-ábhar ‘seanchaite’ ar nós na Laidine, céard é an chéad ábhar seanfhaiseanta eile ar bharr liosta an rialtais, dar leat?