‘100 bliain is an lá inniu, d’oscail Rí Seoirse na Breataine parlaimint sa stát úr…’

Céad bliain is an lá inniu, d’oscail Rí Seoirse V na Breataine parlaimint sa stát úr, Tuaisceart Éireann, ag Halla na Cathrach, Béal Feirste, ag cur tús oifigiúil le saol polaitíochta Thuaisceart Éireann. Dúirt an Rí an lá sin gur ghuigh sé go mbainfí amach tríd an bparlaimint ré nua síochána, sonais, agus dea-thola amach do Thuaisceart Éireann ina mbeadh cothroime, ceart creidimh, agus dílseacht thírghrách don Impireacht ann. Céad bliain i ndiaidh aitheasc sin an Rí, an féidir a rá gur baineadh oiread agus mian amháin acu sin amach i dTuaisceart Éireann?

Nuair a mhachnaítear ar stair Thuaisceart Éireann ó shin, is iondúil gurb é an t-ábhar a thagann chun tosaigh láithreach ná coimhlint agus sceimhle na dTrioblóidí, agus cé gur fíor go raibh mórchuid i gcoinne aisling shíochána Sheoirse V, stiúir an brú, an seicteachas, agus an sceimhle féin an stát chuici. 

Níorbh fhada go raibh claonroinnt teorann toghcháin ar bun ag lucht na Parlaiminte úire seo ar son tromlach aontachtach a choinneáil sa pharlaimint, agus cé nár chothrom na ndaoine a bhí ann mar ba dhualgas di, d’éirigh leis an pharlaimint ‘An tAcht Oideachais 1947 (Tuaisceart Eireann)’ a thabhairt i bhfeidhm ar a laghad, rud a dheimhnigh comhdheis meánoideachais d’achan duine i dTuaisceart Éireann, beag beann ar chreideamh agus is féidir a rá gur thug an tAcht seo an deis do dhaoine tuiscint a bheith acu ar ‘an taobh eile’. Faraor, is dócha go raibh cúrsaí fós sách úr i meon na bpobal chun teacht ar réiteach go luath ina dhiaidh sin. 

D’ainneoin na dTrioblóidí (c. 1969 – 1998), agus lánscor Pharlaimint Thuaisceart Éireann leis an aistriú cumhachta ó Stormont go Westminster in 1972, d’fheidhmigh cuid mhaith daoine sa stát fós leis an chothroime sin a bhaint amach, ag teacht i mbun cainte le chéile agus ag iarraidh nascanna a dhéanamh le chéile d’ainneoin an fhoréigin a bhí ar siúl ag an am. 

Dá bharr sin, tharla  gur baineadh séimhiú ar an fhoréigin féin amach sna 1990idí agus gur comhréitíodh ar théarmaí síochána ar a dtugtar Comhaontú Aoine an Chéasta sa lá atá inniu ann.

Nuair a comhbhronnadh Duais Síochána Nobel ar John Hume agus David Trimble in 1998, sheas eiseamláir na haislinge amach go raibh ‘an dá thaobh’ ag comhoibriú le chéile ar son na tíre a bhfuil grá acu do, agus mar a luaigh Hume ina léacht Nobel in Oslo na hIorua: ‘Eisint na daonnachta is ea í an difríocht. Is timpiste bhreithe í an difríocht agus níor chóir go mbeadh sí choíche mar bhunús an fhuatha ná na coimhlinte. Is é is réiteach ar an difríocht ná meas a bheith agat uirthi. Is ann sin a bhfuil bunphrionsabal na síochána – meas ar an éagsúlacht.’

Ó shin, tá an chuma ar an scéal go bhfuil caidreamh na ndaoine i dTuaisceart Éireann ag éirí níos fearr i leith a chéile. Bíonn argóintí ann agus an éagsúlacht dílseachta fós i gceist, ach ceadaíodh i bparlaimint Westminster filleadh cumhachta go Stormont agus tiionól darb ainm ‘Feidhmeannacht Thuaisceart Éireann’ i bhfeidhm agus páirtithe ó gach cúlra ann.

Fiú chomh luath agus leis an chúpla bliain seo caite, d’éirigh le Feidhmeannacht Thuaisceart Éireann teacht ar chomhréiteach síochánta i ndiaidh sos trí bliana de bharr scannail an Tionscnaimh Teasa In-Athnuaite agus Líofa; teistiméireacht ar chumas lucht na tíre comhoibriú ar a son féin ‘le dearmad a dhéanamh agus maithiúnas a thabhairt, agus cur le chéile chun ré síochána, sonais, agus dea-thola a dhéanamh don tír a bhfuil grá acu di’ mar a mhol Seoirse V na Breataine céad bliain is an lá inniu.