1,200+ bás ag ullmhú do Chorn Domhanda Chatar
Caimiléireacht FIFA cúrtha i gcomhthéacs

Tá an brú ag méadú ar FIFA ó gabhadh naonúr oifigeach de chuid na heagraíochta domhanda sacair an tseachtain seo caite ar chúiseanna caimiléireachta.

Níl na líomhaintí seo in éadan oifigigh FIFA nua ná baol air – ceapadh le fada go raibh caimiléireacht ar bun i sacar idirnáisiúnta agus go raibh breabanna á dtabhairt go forleathan – ach díríodh aird an domhain ar chúrsaí nuair a bronnadh Corn Domhanda 2022 ar Chatar, stát Arabach gaineamhlach ar imeall na hAraibe Sádaí.

Ba léir cé chomh háiféiseach agus a bhí an cinneadh nuair a léiríodh go n-ardaíonn an teocht chomh hard le 45 °C sa réigiún i rith an tsamhraidh, agus rinneadh cinneadh níos moille go mbogfaí an comórtas go dtí Nollaig na bliana sin.

Tá míchlú ar an stát saibhir ola mar gheall ar a dhrochthaifead ar chearta daonna, go háirithe maidir leis an dóigh a gcaitear le hoibrithe inimirceacha, agus níorbh fhada i ndiaidh thús na tógála don chomórtas gur nochtadh coinníollacha uafásacha oibre agus cónaithe na n-imirceach.

Tagann formhór na n-oibrithe as tíortha bochta sa mhór-réigiún ar nós na hIndia, Neipeal agus an Bhanglaidéis.

D’fhoilsigh an nuachtán Sasanach The Guardian tuairisc anuraidh a léirigh go raibh coinníollacha oibre chomh dainséarach ag na staid a bhí á dtógáil go raibh, ar an mheán, oibrí amháin ag fáil bháis gach dhá lá.

Dar le tuairisc ón Washington Post le déanaí go bhfuil breis agus 1,200 duine tar éis bás a fháil ar shuíomhanna tógála i gCatar ó thosaigh an obair do Chorn Domhanda 2022, agus meastar go gcaillfear timpeall 4,000 oibrí eile idir seo agus tús an chomórtais.

Leis sin a chur i gcomparáid, fuair oibrí amháin bás i dtimpiste agus é ag obair ar réiteach do Chluichí Oilimpeacha Londan 2012, agus cailleadh deichniúr le linn na hoibre do Chorn Domhanda na Brasaíle 2014.

cairt-fifa

Anois agus fiosrúcháin ar bun ag na húdaráis sna Stáit Aontaithe, agus Sepp Blatter ceaptha arís ina Uachtarán ar FIFA, beidh le feiceáil cén toradh a bheidh ar Chorn Domhanda Chatar agus cén praghas a bheidh le híoc air ag na hoibrithe inimirceacha.